ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 4 – Jennifer Buggie, Múinteoir agus Príomhéascaitheoir ar Fhoireann Deartha TAP


Image copyright Jennifer Buggie

Image copyright Jennifer Buggie

Jennifer Buggie

Rinne Jenny Buggie staidéar ar an stair agus ar an tseandálaíocht i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus chuaigh sí leis an múinteoireacht in 2009 trí Ollscoil Newman, Birmingham. Tá sí ag obair mar Mhúinteoir Bunscoile i Scoil an Teaghlaigh Naofa i bPort Laoise agus mar Éascaitheoir in Ionad Oideachais Laoise. Bronnadh an Duais IPPN ar Jenny in 2017 dá Dioplóma Iarchéime i gCeannaireacht Oideachais in Ollscoil Mhaigh Nuad inar díríodh ar athrú a stiúradh trí mhúinteoireacht i ndrámaíocht agus i stair. D’eascair a tráchtas Máistreachta Gairmiúla as an obair, tráchtas ina ndearnadh iniúchadh ar fhéiniúlacht i gcleachtas an mhúinteora le linn cumasc scoile. Tá Jenny ag obair leis an gComhpháirtíocht Múinteoirí agus Ealaíontóirí ón mbliain 2014, oibríonn sí mar phríomhéascaitheoir agus d’fhoireann deartha náisiúnta na heagraíochta. Tá an-fhonn uirthi na scileanna agus na deiseanna a thabhairt do mhúinteoirí, d’ealaíontóirí agus do pháistí chun oibriú le chéile i scoileanna a bhfuil na healaíonta iontu go láidir agus ina n-aithnítear agus ina bhforbraítear an duine mar fhoghlaimeoir agus mar mhúinteoir.



Muid ag fás agus gach rud á nDúnadh

Mí Dheireadh Fómhair, duilleoga ag titim agus méadú ag teacht ar líon na gcásanna. Bhí fás sa mhí inar dúnadh go leor rudaí. Bhí mo chomhghleacaí Ciara Heffernan i gceannas ar ár gcur chuige scoile maidir le Braislí Cruthaitheacha laistigh dár dtéama, Ceangal agus Athcheangal. Is gné nua spreagúil dár gclár ealaíne í an chomhpháirtíocht chruthaitheach idir na Scoileanna Braisle. De bharr gur cuireadh le fad an chláir Scoileanna Cruthaitheacha leis an gcomhpháirtí Gabi McGrath, cuireadh ar ár gcumas comhpháirtíochtaí cruthaitheacha a fhorbairt le healaíontóirí ó réimse leathan disciplíní. Tháinig Speisialtóir Ceoil Luathbhlianta Nuala Kelly ar ais chun comhpháirtíocht le Mrs. Cushen agus Ms. Heffernan a chur i gcrích, agus oibreoidh réimse ranganna ó na Naíonáin Shóisearacha go dtí Rang a Dó le healaíontóir mínealaíne ildisciplíneach Francesca Hutchinson, leis an damhsóir agus leis an amharc-ealaíontóir Kate Wilson agus leis an scéalaí Thomas McCarthy. Is mór an onóir a bheith ag obair le healaíontóirí agus a bheith ag tacú leo sa lá atá inniu ann.

Ba mhaith leis an gComhpháirtíocht idir Múinteoirí agus Ealaíontóirí gach rath a ghuí ar ár rannpháirtithe ar fad ar ár gcúrsa samhraidh agus iad rannpháirteach ina gcónaitheacht TAP agus táimid ag súil leis an obair a roinnt. Tá ár bhFoireann Teagascóirí Deartha an-bhródúil as an obair ar fad agus as na héachtaí a bhain ár gComhordaitheoir Náisiúnta TAP Dr. Katie Sweeney amach, Stiúrthóir in Ionad Oideachais Thrá Lí, Terry O Sullivan agus Riarthóir Máire Vieux maidir le maoiniú Erasmus + a fháil chun ár gclár a fhorbairt ar leibhéal na hEorpa leis na ballstáit; an tSeirbia, an Ostair, an Ísiltír agus an Ghréig. Bhí ár bhFoireann Deartha ag obair ar shraith amanna cruthaitheacha beaga darbh ainm Take Ten with TAP laistigh den tionscnamh seo agus táimid ag súil leis an tsraith chéanna a roinnt leat go luath…coinnigh do shúil air seo!

Táim an-bhuíoch as an Tairseach as ucht an spáis seo le roinnt ann. Gabhaim mo bhuíochas leat, a léitheoir, as ucht mo phíosa scríbhneoireachta a léamh.

Foilsithe

29/10/2020

Réigiún

Laoise