ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Forbairt Ghairmiúil Leanúnach do Mhúinteoirí: An Ghrianghrafadóireacht le Gailearaí Náisiúnta na hÉireann


CPD for teachers - boy taking photo

Creidiúint na híomhá: Gailearaí Náisiúnta na hÉireann

Gailearaí Náisiúnta na hÉireann
Dáta: Dé Céadaoin 24 Samhain 2021, 4 – 5.30in

Tá an-áthas ar Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann ceardlann Forbartha Gairmiúla Leanúnaí do Mhúinteoirí sa ghrianghrafadóireacht a fhógairt. Tar éis na ceardlainne praiticiúla seo leis an ngrianghrafadóir Brian Cregan agus leis an Oifigeach Oideachais Catherine O’Donnell, beidh uirlisí agus smaointe ag múinteoirí maidir le conas tabhairt faoin ngrianghrafadóireacht sa seomra ranga. Tabharfaidh an seisiún seo tacaíocht do mhúinteoirí chun an acmhainn Modh, Ábharthacht agus Draíocht: Grianghrafadóireacht sa Ghailearaí ina gcuid scoileanna a úsáid. Beidh piarfhoghlaim trí obair ghrúpa san áireamh ionas go mbeidh tú in ann forbairt a dhéanamh ar straitéisí traschuraclaim cruthaitheacha.

Cheap Gailearaí Náisiúnta na hÉireann clár Forbartha Gairmiúla Leanúnaí do Mhúinteoirí chun tacú le teagasc agus foghlaim tríd an ealaín agus faoin ealaín, le líonrú comhoibrithe.

Dáta: Dé Céadaoin 24 Samhain 2021, 4 – 5.30in

Tá an t-imeacht seo saor in aisce ach tá sé riachtanach d’áit a chur in áirithe. Féach ar www.nationalgallery.ie/explore-and-learn/schools/teacher-network-and-cpd. Beidh an t-imeacht seo ar siúl ar Zoom.

Foilsithe

15/9/2021

Foirmeacha Ealaíne

Grianghrafadóireacht

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Réigiún

Ar fud na tíre