Clár Bhaboró do Scoileanna: Pas don Toscaire Digiteach
Féile Ealaíon Idirnáisiúnta Bhaboró do Leanaí
Dátaí 4 - 17 Deireadh Fómhair 2021
Is díol mór sásaimh don Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta Bhaboró do Leanaí Pas don Toscaire Digiteach a sheoladh. Leis an bPas seo, beidh rochtain ar chainteanna agus ar shaothair éagsúla ar líne arna gcruthú ag roinnt de na deontóirí is fearr dá bhfuil ann ó thaobh na healaíne agus na hamharclannaíochta do leanaí de, agus beidh rochtain ar shraith cainteanna le healaíontóirí, le ceannairí san earnáil agus le ceannairí acadúla. Mar chuid den 25ú féile Ealaíon, beidh sraitheanna d’imeachtaí agus de thaibhithe ann ina ndíreofar ar ardán a thabhairt do leanaí a nguthanna a chur os comhair an phobail, spás a thabhairt dóibh chun iad féin a chur in iúl agus, ar ndóigh, eispéireas féile a thabhairt dóibh le taitneamh a bhaint as i dteannta a dteaghlaigh agus a gcairde.
Ar feadh na féile, beidh fáil ag Toscairí Digiteacha air seo a leanas:
Sé Chaint Dhigiteacha
- Ag fiosrú ‘Léarscáileanna a dhéanamh’: léarscáil ar aeistéitic de na Taibhealaíona do na luathbhlianta
- Ag tabhairt Cearta an Linbh chun Solais
- Machnamh a dhéanamh ar RISE agus smaoineamh ar Oidhreacht Ghaillimh 2020
- Seo atá á dhéanamh agam
- Seo a rinne mé
- Tusa, Fin agus an Dráma Idir Eatarthu
Sé Aithris Taifeadta & Thaispeántas
- Birdboy
- Mixed Up
- Flying the Flag
- Mise Mollser
- Wild Atlandtic Tales
- Ta da!
- Our Day Out
Trí Shraith Podchraoltaí
- Super Paua Stories
- Into the World Within
- Don’t Forget to Wash Your Hands
Dátaí 4 - 17 Deireadh Fómhair 2021
Le haghaidh tuilleadh eolais faoi Chlár Toscaire Dhigitigh Bhaboró, féach ar: www.baboro.ie/festival/programme/digital-delegate