ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Clár Bhaboró do Scoileanna: Pas don Toscaire Digiteach


Baboró International Arts Festival for Children Digital Delegate pass

Féile Ealaíon Idirnáisiúnta Bhaboró do Leanaí
Dátaí 4 - 17 Deireadh Fómhair 2021

Is díol mór sásaimh don Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta Bhaboró do Leanaí Pas don Toscaire Digiteach a sheoladh. Leis an bPas seo, beidh rochtain ar chainteanna agus ar shaothair éagsúla ar líne arna gcruthú ag roinnt de na deontóirí is fearr dá bhfuil ann ó thaobh na healaíne agus na hamharclannaíochta do leanaí de, agus beidh rochtain ar shraith cainteanna le healaíontóirí, le ceannairí san earnáil agus le ceannairí acadúla. Mar chuid den 25ú féile Ealaíon, beidh sraitheanna d’imeachtaí agus de thaibhithe ann ina ndíreofar ar ardán a thabhairt do leanaí a nguthanna a chur os comhair an phobail, spás a thabhairt dóibh chun iad féin a chur in iúl agus, ar ndóigh, eispéireas féile a thabhairt dóibh le taitneamh a bhaint as i dteannta a dteaghlaigh agus a gcairde.

Ar feadh na féile, beidh fáil ag Toscairí Digiteacha air seo a leanas:

Sé Chaint Dhigiteacha

  • Ag fiosrú ‘Léarscáileanna a dhéanamh’: léarscáil ar aeistéitic de na Taibhealaíona do na luathbhlianta
  • Ag tabhairt Cearta an Linbh chun Solais
  • Machnamh a dhéanamh ar RISE agus smaoineamh ar Oidhreacht Ghaillimh 2020
  • Seo atá á dhéanamh agam
  • Seo a rinne mé
  • Tusa, Fin agus an Dráma Idir Eatarthu

Sé Aithris Taifeadta & Thaispeántas

  • Birdboy
  • Mixed Up
  • Flying the Flag
  • Mise Mollser
  • Wild Atlandtic Tales
  • Ta da!
  • Our Day Out

Trí Shraith Podchraoltaí

  • Super Paua Stories
  • Into the World Within
  • Don’t Forget to Wash Your Hands

Dátaí 4 - 17 Deireadh Fómhair 2021

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi Chlár Toscaire Dhigitigh Bhaboró, féach ar: www.baboro.ie/festival/programme/digital-delegate

Foilsithe

22/9/2021

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Réigiún

Gaillimh