ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Deis Fostaíochta le Music Generation: Bainisteoir Cáilíochta, Tacaíochta agus Forbartha


Music generation job opportunity sound mixing desk

Creidiúint: Barbara Flynn

Music Generation
Spriocdháta: Dé Máirt, an 5 Deireadh Fómhair 2021 roimh 5in

Tá Bainisteoir Cáilíochta, Tacaíochta agus Forbartha á lorg ag Music Generation le hearcú agus dul chun cinn á dhéanamh ag an gcomhlacht a sprioc maidir le leathnú náisiúnta a bhaint amach faoi 2022. Is deis spreagúil fostaíochta í seo do ghairmí oilte a bhfuil saineolas aige nó aici, chomh maith le cuntas teiste cruthaithe i dtorthaí sa cheol, i bhforbairt an oideachais agus sa bhainistíocht. Beidh an t-iarrthóir rathúil freagrach don Cheannaire Cáilíochta, Tacaíochta agus Forbartha agus ar fhoireann atá dírithe ar thacaíocht straitéiseach a thabhairt chun an Caighdeán Straitéiseach leis an líonra de Chomhpháirtíochtaí Áitiúla Oideachais Ceoil a chur i bhfeidhm.

Clár Náisiúnta Oideachais Ceoil na hÉireann is ea Music Generation a athraíonn saol leanaí agus daoine óga ó bhonn trí theacht a bheith acu ar oideachas taibhithe ceoil ina gceantar áitiúil. Bunaíodh Music Generation i 25 cathair agus contae ar fud na hÉireann. Chruthaigh sé níos mó ná 67,000 deis do pháistí agus do dhaoine óga chun dul i ngleic le teagasc an cheoil gach bliain.

Ar dtús, beidh an post seo ar fáil mar chonradh ar théarma seasta de 18 mí ag tosú i mí Eanáir 2022. Tá Oifig Náisiúnta Forbartha Music Generation suite i lár chathair Bhaile Átha Cliath; is féidir an post seo a dhéanamh ar an láthair oifige nó le socrú hibrideach.

Spriocdháta: Dé Máirt, an 5 Deireadh Fómhair 2021 roimh 5in

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin bpost seo, téigh chuig www.musicgeneration.ie/news/job-opportunities-at-music-generation Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le Conor Harty ag mgrecruit@hartyvirtualhr.ie; nó ar 086-2406651.

Foilsithe

22/9/2021

Foirmeacha Ealaíne

Ceol & Fuaim

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Réigiún

Contae Bhaile Átha Cliath