ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Fógraítear an Clár d’Fhéile Bhualadh Bos do Leanaí 2021 i Luimneach


bualadh-bos-childrens-festival-2021

Féile Bhualadh Bos do Leanaí
Dátaí : 3 - 16 Deireadh Fómhair, 2021

An t-aon fhéile ealaíon i Luimneach atá dírithe ar leanaí, ar leic an dorais agat!

Is díol mór sásaimh d’fhoireann Lime Tree Theatre, Belltable a fhógairt go mbeidh a Féile bhliantúil Leanaí ‘Bualadh Bos’ ar ais arís i mí Dheireadh Fómhair. Idir an 3 agus an 16 Deireadh Fómhair, cuirfear clár spreagúil imeachtaí beo agus imeachtaí ar líne ar siúl do theaghlaigh agus do scoileanna.

Tá súil ag an bhfoireann go mbainfidh na leanaí agus na teaghlaigh sult as an bhféile seo tar éis bliain a bhí thar a bheith deacair. Cuireann an clár seo réimse leathan imeachtaí ar fáil do gach aoisghrúpa, ón ngrúpa is óige suas go dtí na leanaí is sine sa bhunscoil.

Is é Lá na dTeaghlach ceann de na buaicphointí i mbliana atá ag Belltable Dé Sathairn an 9 Deireadh Fómhair chun teaghlaigh a spreagadh chun teacht ar ais chuig an ionad arís ar bhealach sábháilte. Cuirfidh an scríbhneoir sár-dhíola do leanaí Dave Rudden tús leis an lá le caint 40 nóiméad, spreagfaidh sé samhlaíocht na leanaí gan aon dabht. Chomh maith leis sin, is féidir le teaghlaigh léarscáil de Rian Nua-aoiseach a fháil ó Theach Oscailte Luimnigh agus an chathair a thaiscéal le súile úra ar feadh cúpla uair an chloig. Beidh imeacht “buail isteach” ag Leabharlann Dhaonna Bhualadh Bos i rith an tráthnóna sa Belltable Hub. Tá fáilte roimh leanaí de gach aoisghrúpa teacht le ceisteanna faoi cheol, damhsa, scríbhneoireacht agus léiriúchán do cheathrar ealaíontóirí gairmiúla atá ag obair sna réimsí seo gach lá. Agus cuirfear críoch iontach le lá don teaghlach le léiriú de Wolfwalkers le Cartoon Saloon. Beidh neart le hól agus le hithe ag an Belltable Café le biachlár don teaghlach ar fad i rith an lae le mbeidh gach duine in ann fanacht san fhoirgneamh chun an méid is mó a bhaint as an eispéireas tumthach ealaíon.

Taobh amuigh de Lá na dTeaghlach, beidh an fhéile ag taispeáint seó téatair do theaghlaigh Alice and the Wolf le Compántas Amharclannaíochta Barnstorm chomh maith le A Very Old Man with Enormous Wings le Riverbank Arts Centre.

Beidh siad ag taispeáint Wild Atlandtic Tales le Glór do scoileanna sa Belltable agus beidh siad ag óstáil sruth beo d’imeachtaí i scoileanna trí Messin’ In The Musical Multiverse, White: The Film agus Potato Needs a Bath le Music Generation. Is fiú súil a choinneáil amuigh don taispeántas Hansel agus Gretel le Verdant Productions atá lán le hamhráin ó Frozen agus The Greatest Showman. Is mór an spórt é an seó seo agus is féidir libh sult a bhaint as agus sibh sa bhaile ar bhur dtolg féin. Don dream is óige, beidh seó álainn le Anna Newell darb ainm I AM BABA agus beidh seó eile á thaispeáint ag an gclár Bualadh Bos Ar An mBóthar le Manchán Mangan darb ainm Arán agus Im do dhaltaí Rang a 5 agus Rang a 6. Is cinnte go bhfuil rud éigin ann do gach uile dhuine.

In ainneoin na ndúshlán leanúnach de bharr na pandéime, tá foireann na féile tar éis éacht a dhéanamh chun an clár is fearr a chur ar siúl i mí Dheireadh Fómhair. Tá súil acu go rachaidh na teaghlaigh agus scoileanna i gCathair Luimnigh i ngleic leis agus mbainfidh siad spraoi agus spórt as. Chun leanaí a spreagadh, ní theastaíonn uainn ach sibhse. Molann an fhoireann do na daoine fásta ar fad féachaint ar an gclár anseo agus rudaí a chur in áirithe roimh ré de bharr go bhfuil líon teoranta spásanna i gceist do go leor imeachtaí.

Le haghaidh an chláir iomláin d’imeachtaí na féile le dataí/amanna/aois etc téigh chuigwww.limerick.ie/discover/living/limerick-news/lime-tree-theatre-and-belltables-bualadh-bos-childrens-festival-2021

Foilsithe

22/9/2021

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Réigiún

Luimneach