ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Ceiliúradh 20 bliain ar Fhéile Ealaíon ‘Samhlú’: Buaicphointe na n-imeachtaí do Pháistí agus Daoine Óga


2021 Imagine Arts Festival - The Little Robber Girl

Féile Ealaíon ‘Samhlú’ 2021 - The Little Robber Girl

Fhéile Ealaíon ‘Samhlú’
Dátaí: 15 - 24 Deireadh Fómhair, 2021
Ceiliúradh faoi leith ar na healaíona i gCathair Phort Láirge is ea an Fhéile Ealaíon ‘Samhlú’. Agus an 20ú bliain den fhéile ‘Samhlú’ á ceiliúradh againn, beidh léirithe beo, taispeántais agus léirithe idirghníomhacha ar siúl do dhaoine i ngach aoisghrúpa, le himeachtaí damhsa, scannánaíochta, amharc-ealaíne, téatair, cainte, agus litríochta chomh leis an gceol clasaiceach, an ceol nua-aimseartha agus an ceol traidisiúnta.

Thíos tá cuid de na buaicphointí atá ann do pháistí agus do dhaoine óga!

Téatar:
The Little Robber Girl
18 - 22 Deireadh Fómhair
Sraith theoranta closdráma do leanaí scríofa agus stiúrtha ag Deirdra Dwyer agus seolfar amach pacáiste eolais leis. Mar chuid den praghas a íocann an scoil tá pacáiste digiteach don mhúinteoir le himeachtaí a bhaineann leis an gcuraclam san áireamh. Bí páirteach le Mattie agus le Arthur, an madra beag atá aici, chomh lena cara nua Finn agus iad ag lorg Mhamaí Mattie atá ar iarraidh... agus ag teacht abhaile le níos mó ná taisce faoi thalamh! Cuir tús leis an eachtraíocht éiste!

Ticéad na Scoile - €50 (eagrán teoranta; pacáiste digiteach don mhúinteoir le himeachtaí a bhaineann leis an gcuraclam san áireamh)

Ealaín ilmheán:
Taispeántas de Cnuasach Chruthaitheach
15 - 24 Deireadh Fómhair
Faoin téama ‘Léaslínte’, tá cúig iarbhunscoil i bPort Láirge, le tacaíocht ó Éire Ildánach, chun teacht le chéile agus ‘cnuasach cruthaitheach’ a dhéanamh le daoine óga a spreagadh chun ealaín a dhéanamh. Beidh scríbhneoireacht chruthaitheach, grianghrafadóireacht agus na hamharcealaíona mar chuid de thaispeántas ó scoláirí na hidirbhliana 2020/2021 ó Choláiste Pobail na Mainistreach, Ardscoil na Mara, Coláiste De La Salle, Ardscoil Mhuire na Trócaire agus Ardscoil Naomh Angela.

Ceardlanna:
Ceardlann do Chnagadh Coirp do leanaí 8 - 10 mbliana d’aois
23 Deireadh Fómhair
Bí i gcomhluadar Karen ó Mini Musos sa cheardlann SPRAÍÚIL agus spreagúil faoi cnagadh coirp á úsáideann an corp mar uirlis cheoil chun fuaimeanna spéisiúla a chruthú, trí phusa agus comhordú rithimeach.  Spreagfaidh an cheardlann seo scileanna cuimhne agus scileanna seicheamhacha agus cuirfidh sé chun cinn an ceol mar mhodh chun folláine a chleachtadh go háirithe sa lá atá ann inniu. Ag deireadh an tseisiúin ba cheart go mbeadh na leanaí in ann píosa gairid de chnagadh coirp a dhéanamh dá dteaghlaigh agus dá gcairde!

Leaflings le Niamh Sharkey agus Owen Churcher
24 Deireadh Fómhair
A Field Guide to Leaflings, imeacht don teaghlach ar fad ó iar-bhuateoir Laureate na nÓg Niamh Sharkey agus Owen Chucher. Fáilte go dtí domhan na nDuillí Óga, na gardaí rúndaithe na gcrann. Tá cónaí ar na duillí óga i measc na bhfréamhacha agus craobhacha is tábhachtaí inár bpláinéad. Cosnaíonn na créatúir bheaga seo na crainn agus cabhraíonn siad leo a scéalta a insint.

Le haghaidh tuilleadh eolais agus chun an clár a fheiceáil téigh chuig www.imagineartsfestival.com/index.php/whats-21

Foilsithe

28/9/2021

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Réigiún

Port Láirge