ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Fógraíonn an tAire Martin agus Foley tacaíochtaí nua feabhsaithe don chruthaitheacht i scoileanna


Meanscoil Gharman, Enniscorthy, Wexford. Creative Schools Week 2021

Glacfaidh 188 scoil nua páirt i Scoileanna Ildánacha

Glacfaidh 81 scoil bhreise páirt i dtionscnamh Chiste Barr Feabhais do Scoileanna – Braislí Ildánacha

Inniu (6 Deireadh Fómhair 2021) d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD agus an tAire Oideachais Norma Foley TD, na 269 scoil nua a ghlacfaidh páirt i dtionscnaimh Chlár Éire Ildánach - Scoileanna Ildánacha agus Braislí Ildánacha.

Agus na scoileanna a roghnaíodh chun páirt a ghlacadh i Scoileanna Ildánacha á bhfógairt aici, dúirt an tAire Martin:

“Tá an-áthas orm fáilte a chur roimh 188 scoil eile, na Scoileanna Ildánacha is déanaí atá againn – an líon is mó scoileanna a nglacadh leis in aon bhliain amháin ó bunaíodh an clár in 2018. Cuirfidh an líon méadaithe scoileanna seo, de réir an ghealltanais a tugadh sa Chlár Rialtais chun an tionscnamh a leathnú, ar chumas líon níos mó dár saoránaigh is óige scileanna agus buanna nua a fháil agus a fhorbairt a fheabhsaíonn a bhforbairt agus a bhfás, agus a chuirfidh le saibhreas a n-eispéireas foriomlán foghlama trí mhéadú rannpháirtíochta le hildánacht chultúrtha.”

Agus cruthú 21 Braisle Ildánach nua á fhógairt aici, dúirt an tAire Foley:

“Níos mó ná riamh, tá sé tábhachtach go dtacaítear lenár gcuid daltaí a gcuid cruthaitheachta a fhorbairt agus go dtugtar solúbthacht dóibh iad féin a chur in iúl ar bhealaí nua spreagúla. Tá an-áthas orm inniu na 81 scoil atá ag teacht le chéile chun 21 Braisle Ildánach nua a chur ar bun. Ba mhaith liom fáilte a chur roimh na scoileanna nua seo sa tionscnamh seo de chuid an Chiste Barr Feabhais do Scoileanna, agus táim ag tnúth le forbairt na tionscadail spreagúla seo sa dá bhliain atá romhainn a fheiceáil. Léirigh líon mór scoileanna ar fud na tíre spéis i dtionscnamh Bhraislí Ildánacha 2021. Tá súil agam líon na mBraislí Ildánacha a mhéadú in 2022.

“Ina theannta sin, cuirfidh an tionscnamh nua BLAST a d’fhógair mé níos luaithe i mbliana deiseanna ar fáil do scoileanna comhoibriú le healaíontóirí aitheanta, ag tacú lenár gcuid páistí agus daoine óga comhoibriú agus smaointeoireacht chruthaitheach agus chriticiúil a dhéanamh – scileanna ríthábhachtacha don todhchaí. Bhí an dáta deiridh le haghaidh iarratais BLAST againn le déanaí agus táim ag tnúth le sonraí deireanacha an chláir iontach seo a chur i gcrích sna seachtainí atá romhainn."

Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir an Chomhairle Ealaíon:

“Tá lúcháir ar an gComhairle Ealaíon fáilte a chur roimh an raon leathan scoileanna agus ionaid Youthreach ar fud na tíre a ghlacfaidh páirt i gclár Scoileanna Ildánacha sa tréimhse idir 2021 agus 2023. Glacfaidh na scoileanna seo páirt i dturas treoraithe chun Plean Scoileanna Ildánacha a bhunú a shaincheapfar do gach ceann acu. Tugann an próiseas cruthaitheach agus daonlathach seo tús áite do ghuthanna leanaí agus daoine óga i bpleanáil na cruthaitheachta ina gcuid scoileanna. Tacaíonn sé le múinteoirí ina gcuid oibre cruthaitheachta a leabú sa churaclam, agus éascaíonn sé do scoileanna agus d’ionaid caidrimh bheoga a fhorbairt leis na hearnálacha ealaíon agus cultúrtha. Cuideoidh sé seo le cleachtas ealaíonta agus cruthaitheach a chothú sna scoileanna taobh amuigh dá gcuid rannpháirtíochta sa chlár, agus cuideoidh sé lena chinntiú go léireofar neart ealaíne ar fud na tíre sna blianta atá romhainn."

Chomh maith le Scoileanna Ildánacha agus Braislí Ildánacha, leanann Clár Éire Ildánach ag tacú le raon leathan tionscnaimh scoilbhunaithe agus pobalbhunaithe chun rannpháirtíocht níos mó leanaí agus daoine óga a chumasú i ngach cineál gníomhaíochta chruthaithí.
Dúirt an tAire Martin chomh maith:

“Mar gheall ar ár dtiomantas leanúnach do Scoileanna Ildánacha agus Braislí Ildánacha, tugadh deis do bheagnach 1,000 scoil, thar trí bliana, a bheith rannpháirteach sna healaíona, sa chultúr agus sa chruthaitheacht ar bhealaí nua, ag cuidiú le heispéireas foghlama na mílte leanbh agus duine óg a shaibhriú. In éineacht lenár n-infheistíocht leanúnach i raon tionscnaimh agus tionscadail don phobal, a reáchtálann Clár Éire Ildánach, tá níos mó deiseanna á gcur ar fáil do dhaoine óga chun dul i mbun gníomhaíochtaí cruthaitheacha – ní hamháin mar thacaíocht dá gcuid foghlama agus forbartha, ach chun taitneamh a bhaint astu agus tá súil againn grá do na healaíona, don chultúr agus don chruthaitheacht a fhorbairt."

Foilsithe

11/10/2021

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Bhunscoile

Réigiún

Ar fud na tíre