ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas 2021 – Comhdháil fhíorúil nach bhfuil a mhacasamhail ann


Íomhá le caoinchead Emma Kavanagh, Mid-West School for the Deaf, Luimneach

Is comhdháil fhíorúil é an 6ú Lá Náisiúnta bliantúil Thairseach na nEalaíon san Oideachas 2021 a bheidh ar bun ón 15-21 Samhain.  Ag Comhdháil Fhíorúil Thairseach na nEalaíon san Oideachas, fáilteofar roimh na céadta gairmí ó gach réimse d’earnáil na n-ealaíon, an oideachais, na n-ealaíon san oideachas agus ón earnáil chruthaitheach, a fhreastalóidh ar imeachtaí éagsúla ar líne chun roinnt, foghlaim, labhairt, líonrú, inspioráid a fháil agus an cleachtas is fearr sa réimse a fhiosrú.

Is cuid thábhachtach é an t-imeacht seo d’fhéilire oideachasóirí agus gairmithe ealaíon agus cruthaitheachta san earnáil oideachais a bhfuil suim acu araon i gcaighdeán agus rochtain ar an gcleachtas is fearr sa soláthar ealaíon do leanaí agus do dhaoine óga. Is ar líne a reáchtálfar Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas arís i mbliana chun rochtain a chinntiú don lucht freastail uile, de réir threoirlínte an rialtais.

Tá Tairseach na nEalaíon san Oideachas – tionscnamh de chuid Chairt na nEalaíon san Oideachas, polasaí tras-rialtais a seoladh i dtosach 2013 – ar an bpríomhacmhainn dhigiteach náisiúnta do na healaíona san oideachas agus sa chleachtas cruthaitheach in Éirinn. Is síneadh é an t-imeacht seo ar Thairseach na nEalaíon san Oideachas a bhfuil gníomhaíochtaí agus imeachtaí a coimisiúnaíodh go sonrach, a mhaoinigh an Roinn Oideachais agus ar thacaigh an Clár Éire Ildánach leo mar chuid de. Is cuid de chlár níos leithne de thionscnaimh náisiúnta é seo chomh maith a forbraíodh mar thoradh ar Chairt na nEalaíon san Oideachas agus atá mar chuid de chlár Éire Ildánach, Óige Chruthaitheach Piléar I, a sheol an Taoiseach, Leo Varadkar T.D., i Nollaig 2017.

Príomhghné de chlár chomhdháil na bliana seo ná spreagaitheasc oscailte dar teideal ‘How and Why Dance, Music and Storytelling Might Well Support Critical Cognitive Development in Children and Youth’ (An tSlí agus an Chúis a bhFéadfadh Rince, Ceol agus Scéalaíocht Tacú le Forbairt Chognaíoch Chriticiúil i Leanaí agus i nDaoine óga) leis an aoichainteoir, an tOllamh Adele Diamond, Cathaoirleach Research Canada, Ollamh le Néareolaíocht in Ollscoil British Columbia, Vancouver. Roinnfidh an tOllamh Adele Diamond léargais maidir le tábhacht na n-ealaíon agus na cruthaitheachta i bhforbairt chognaíoch páistí.

Sraith seisiún ‘i gcomhrá’ le healaíontóirí, múinteoirí agus cleachtóirí ó gach cearn den earnáil, a fhiosróidh réimse d’ábhair le plé agus smaointeoireacht chriticiúil. Tá an-áthas orainn fáilte a chur roimh na cainteoirí seo a leanas: Aoibhie McCarthy, Stiúrthóir Ealaíne Sample-Studios; an t-ealaíontóir, Kate McElroy; Jürgen Simpson, Stiúrthóir Ionad Taighde na Meán Digiteach agus na nEalaíon (DMARC) ag Ollscoil Luimnigh; Taighdeoir Tionscadal SPICE le hÁras Nua-Ealaíne na hÉireann, Adam Stoneman; an bunmhúinteoir Eibhlín Campbell; múinteoir agus príomhéascaitheoir Chomhpháirtíocht Múinteoir-Ealaíontóir (TAP) Jennifer Buggie; éascaitheoir drámaíochta Eirini Marna ó Amharclann Hellenic/Líonra Drámaíochta & Oideachais, An Ghréig; agus Manja Eland, Ceann an Oideachais ag Kopa san Ísiltír.

Beidh plé le faighteoirí Dhámhachtain Doiciméadaithe na Tairsí 2021 mar chuid den chlár chomh maith. Roinnfidh Cumadóir Cónaitheach The Dock, George Higgs, an múinteoir Noelle Igoe, an t-ealaíontóir Runde Toth agus an múinteoir Alyson Hourigan léargais óna dtaithí ar na tionscadail ‘Song of Ourselves’ agus ‘Place’.

Beidh raon leathan de Cheardlanna Cruthaitheacha á seachadadh ag ealaíontóirí agus ag Ana Colomer, Fiona Linnane, Dáithí Ó Murchú, Sarah Fitzgibbon agus Joanna Parkes.  Tá mar aidhm leis na ceardlanna tacú le healaíontóirí agus le múinteoirí fiosrú a dhéanamh ar smaointe, cuir chuige agus teicnící nua chun tacú lena bhforbairt ghairmiúil féin tríd an gcleachtas cruthaitheach. Cuirfear deireadh leis an gcomhdháil le himeacht deiridh leis an gcoimeádaí, ealaíontóir, scríbhneoir agus oideachasóir Jennie Guy, a roinnfidh a cuid smaointe maidir le himeachtaí agus le plé na seachtaine.

D’eagraigh Coiste Eagarthóireachta Thairseach na nEalaíon san Oideachas, a déanann maoirseacht ar bhainistíocht ábhar na Tairsí ar bhonn leanúnach, Comhdháil Fhíorúil Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas 2021 i gcomhar leis na heagarthóirí reatha, Kids’ Own Publishing Partnership.

Tabhair faoi deara: Beidh ateangaireacht i dteanga chomharthaíochta na hÉireann agus fotheidealú beo le fáil le haghaidh gach imeacht a chraolfar go poiblí ar zoom ach is gá é a chur in áirithint roimh ré. artsineducationportal.eventbrite.com

Leagan Béarla
Leagan Gaeilge

Foilsithe

3/11/2021