ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Turais Scoile Dánlainne ar Líne ag baint úsáid as Straitéis Amharcsmaointeoireachta ag Ionad Ealaíon Solstice


Solstice Gallery Tour using VTS

Turas Dánlann Solstice ag baint úsáid as Straitéisí Amharcsmaointeoireachta

Ionad Ealaíon Solstice
Dátaí: Amanna agus dátaí éagsúla ar fáil

Cuireann Ionad Ealaíon Solstice fáilte roimh scoileanna trí cinn dá saothair ealaíne sa taispeántas Surveyor a fhiosrú ó chompord an tseomra ranga. Bainfidh a gcomhordaitheoir foghlama rannpháirtíochta Deirdre Rogers úsáid as Straitéisí Amharcsmaointeoireachta (VTS) chun smaointe na scoláirí maidir le ‘cad atá ag tarlú sna saothair ealaíne seo’ a leathnú. Agus plé ó phiara go piara á spreagadh, is deis é seo do scoláirí díriú agus smaointeoireacht a dhéanamh ar pheirspictíochtaí éagsúla, a chuirfidh leis an rannpháirtíocht i bhfoghlaim trí ealaín agus leis an taitneamh a bhaintear aisti. Foghlaimeoidh na scoláirí faoi na healaíontóirí a chruthaigh na saothair a fhiosróidh siad mar chuid den phlé faoin Straitéis Amharcsmaointeoireachta, agus d’fhéadfadh sé go spreagfaí iad lena gcuid saothar ealaíne féin a chruthú!

Tá na turais scoile ar líne seo saor in aisce. Tá siad oiriúnach do scoláirí ó rang a 2 – 6 agus scoláirí i ngach aoisghrúpa ag leibhéal na hiar-bhunscoile. Is féidir an turas agus na comhráite a dhéanamh ar an láthair sa dánlann nó ar Zoom. Teastaíonn rochtain idirlín mhaith más fearr leat freastal trí Zoom.

Dátaí: Tá amanna agus dátaí éagsúla ar fáil, fiosraigh maidir leis an dáta & an t-am is fearr leat.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar: solsticeartscentre.ie/event/online-school-gallery-tours-using-vts nó téigh i dteagmháil le deirdre.rogers@solsticeartscentre.ie.

Foilsithe

17/11/2021

Foirmeacha Ealaíne

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Réigiún