ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Forbairt Ghairmiúil Leanúnach do Mhúinteoirí ar líne ó Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann: Portráidíocht


National Gallery of Ireland - CPD for Teachers

Gailearaí Náisiúnta na hÉireann

Gailearaí Náisiúnta na hÉireann
Dáta: 4 pm, an 2 Feabhra 2022

Tá an-áthas ar Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann ceardlanna forbartha gairmiúla leanúnaí do mhúinteoirí ar líne a fhógairt. Bí in éineacht le Jennie Taylor, coimeádaí an Duais ‘Zurich Young Portrait’, agus an tOifigeach Oideachais, Catherine O’Donnell, i gcomhair ceardlann phraiticiúil a thabharfaidh na huirlisí agus na smaointe duit maidir leis an mbealach tabhairt faoin bportráidíocht sa seomra ranga. Tacófar le múinteoirí in úsáid na hacmhainne scoile acu, ‘What is a Portrait?’, sa seisiún seo, agus beidh piarfhoghlaim trí obair ghrúpa san áireamh ionas go mbeidh tú in ann forbairt a dhéanamh ar straitéisí traschuraclaim cruthaitheacha.

Tabhair faoi deara gur ceardlann FGL ar líne trí Zoom atá anseo.

Dáta: 4 pm, an 2 Feabhra 2022

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar https://www.nationalgallery.ie/whats-on/online-cpd-teachers-portraiture

Foilsithe

29/11/2021

Foirmeacha Ealaíne

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Réigiún

Cathair Bhaile Átha Cliath