ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


An 16ú Bliain de Ghradaim Bhliantúla Thionscadal Scannán Fís - Fógairt na mBuaiteoirí 


Fís Film Project Awards 2021 - Winning School St. Hugh’s National School

Gradaim Thionscadal Scannán Fís 2021 - Scoil Bhuach, Scoil Náisiúnta Naomh Aodh

Tionscadal Scannán Fís

An Scannán COVID is fearr, an léiriú scannán as Gaeilge is cumhachtaí agus tuilleadh le fógairt ag na 16ú Gradaim Bhliantúla Scannán FÍS 

ÉIRE: Is do ghníomhaíochtaí le linn na dianghlasála, do scannáin as Gaeilge, do dhaoine mar gheall ar a rannchuidiú den scoth agus a gcuid éachtaí sa scannánaíocht a tugadh aitheantas ag Gradaim Scannán FÍS i mbliana. Reáchtáladh an t-imeacht cáiliúil ag a ndéantar ceiliúradh ar chumas scannánaíochta scoláirí bunscoile go fíorúil, níos túisce an mhí seo (an 19ú Samhain). D’fhéach daltaí ó fud fad na tíre ar an searmanas ar líne, a raibh Sinéad Kennedy ó RTÉ ina láithreoir air.

Labhair an tAire Oideachais, Norma Foley TD, a bhí ina haoi oinigh, ag an imeacht a ndearnadh taifeadadh air ag an Scoil Scannánaíochta Náisiúnta de chuid Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta (IADT) Dhún Laoghaire. Oifig FÍS de chuid IADT i gcomhar leis an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (SFGM Teicneolaíocht san Oideachas) a d’óstáil an imeacht. Reáchtáladh imeacht na bliana seo ar líne de bharr COVID agus craoladh an searmanas ar www.fisfilmproject.ie. Bronnadh Gradam Scannán na Bliana Aileen MacKeogh 2021 ar scannán dar teideal ‘Son of the Grabber’ a rinne daltaí ó Scoil Náisiúnta Naomh Aodh. Fuair an scoil seo ó Liatroim, a bhfuil 54 dalta agus 3 múinteoirí inti, gradam don Stiúrthóireacht Is Fearr dá scannán béaloidis Éireannach chomh maith. Scéal ó pharóiste Bhaile na gCléireach atá bunaithe ar aistear a rinneadh i ndorchadas na hoíche agus ar na himeachtaí a bhain leis. Cinneadh d’aon ghuth de chuid an phainéil moltóireachta a bhí ann gradam Scannán na Bliana a bhronnadh ar Son of the Grabber.

I measc na mbuaiteoirí eile ó Ghradaim 2021 bhí:

  • Bunscoil Shráid Ghairdinéir, Baile Átha Cliath - Éacht den scoth sa Scannánaíocht - Scéalaíocht (Letters from Manresa)
  • Scoil Shóisearach Naoimh Gearóid, Co. Cill Mhantáin - Gradam don Scannán Sóisearach is fearr (The Party Crasher)

  • Gaelscoil Shlí, Laois - An Scannán Is Fearr as Gaeilge (Simon & An Sneachta)
  • Scoil Phádraig Naofa, Scoil Náisiúnta na Creige Móire, Co. na Gaillimhe - An scannán Covid-19 is fearr (Covid 19 - 2020 A year of change)

  • Scoil Riabhach – Gradam do Scannáin a bhaineann leis an gCuraclam – Eolaíocht (An Croí)

Bhí scannáin ó cheann ceann na tíre ar an ngearrliosta in iomaíocht lena chéile, níor chuir na moltóirí ach 18 scannán ar an ngearrliosta. Bronnadh gradaim ar scannáin ó Luimneach, Dhún na nGall, Bhaile Átha Cliath, Ghaillimh, Chiarraí, Laois, Liatroim, Phort Láirge, Chorcaí, Shligeach, Chill Mhantáin, Chill Dara, Thiobraid Árann agus níos mó contaetha. Bhí réimse de ghradaim éagsúla le baint i mbliana, ina measc bhí gradaim le haghaidh Éacht den Scoth sa Scannánaíocht sna catagóirí seo a leanas: Dearadh Feisteas, Fuaimrian, Cóiriú, Éifeachtaí Speisialta, Duine nua is fearr, Duine sóisearach is fearr, mar aon le gradaim le haghaidh scannáin iomchuí in ábhair ar nós Stair, Eolaíocht, agus Covid-19. Is féidir montáis uathúil de na scannáin ar ar bronnadh gradaim a fheiceáil ANSEO.  Is féidir féachaint ar gach scannán ina iomláine ar an suíomh gréasáin fisfilmproject.ie.

Chuir an searmanas bronnta rath na nGradam Scannán FÍS os comhair an phobail, tionscadal a nocht gach gné de phróiseas na scannánaíochta do scoláirí agus do mhúinteoirí bunscoile. An choincheap laistiar de FÍS ná cúnamh a thabhairt do pháistí, ní hamháin chun scileanna cumarsáide agus obair foirne a fhorbairt, ach chun scileanna teicneolaíochta a mhúineadh dóibh agus muid sa ré dhigiteach. Is uirlis chuidithe é do mhúinteoirí chun réiteach fadhbanna pháistí a fhorbairt agus a gcumas fiosrúcháin a fhorbairt, agus tá sé ag teacht le straitéis dhigiteach an Rialtais do scoileanna.

Tá 21 bliain ann ó cuireadh tús leis an tionscadal rathúil FÍS. Chun an ócáid a chomóradh, sheol an painéal moltóireachta gradam tuillteanas speisialta, gradam a bhronnfar ar scoil a léirigh domhainfhoghlaim, samhlaíocht, cruthaitheacht, ceanntréine agus dúthracht i bhfianaise na ndúshlán a bhí ag scoileanna, scoláirí, agus múinteoirí mar gheall ar an bpaindéim. Bronnadh an Gradam Speisialta Fiúntais le comóradh a dhéanamh ar an 21ú Bliain den Tionscadal Scannánaíochta FÍS ar Scoil Éanna, An Ballán, Contae na Gaillimhe. Bronnadh an Éacht den scoth sa Scannánaíocht i gCineamatagrafaíocht dá scannán ‘Hidden’ ar an scoil freisin.

Féach ar liosta iomlán na mbuaiteoirí anseo.

Téigh chuig fisfilmproject.ie/awards-event i gcomhair tuilleadh faisnéise.

Foilsithe

29/11/2021

Leibhéal

Bhunscoile

Réigiún

Ar fud na tíre