ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Clár Scoileanna IFI 2021/2022


Image: Still from the Film 'Petit Pays'

Institiúid Scannán na hÉireann (IFI)

An clár cuimsitheach Clár Scoileanna ISÉ 2021/2022 seolta ag Institiúid Scannán na hÉireann Mar chuid de chlár na bliana seo beidh taispeántais ar siúl i bpictiúrlanna agus ar líne freisin, ar an ardán IFI@Scoileanna. Roghnaigh ó scannáin úrnua Nuatheangacha Iasachta, ó scannáin Bhéarla atá leagtha síos, ó scannáin Ghaeilge, agus go leor eile!

Is bealach fíorluachmhar é sraith na Nua-Theangacha Iasachta chun teanga agus cultúr a chur chun cinn. Tá an-éileamh orthu, agus sa scannáin ar fáil i bhFraincis, Gearmáinis agus Spáinnis. Mar chuid de rogha scannán na Gearmáine 2021/2022, atá á gcur i láthair i gcomhpháirtíocht leis an Goethe-Institut Irland tá na scannáin Cleo, Zu weit Weg, Das freiwillige Jahr, agus Nachtwald. I measc na dtaispeántas don rogha Fraincise atá á dtaispeáint i gcomhpháirtíocht le Seirbhís Chultúrtha na Fraince, tá Petit Pays, Gagarine, Man Up!, agus Fahim.

Murar féidir leat teacht chuig IFI nó chuig ceann dár n-ionaid chomhpháirtíthe, is féidir leat formhór na scannán ar Chlár na Scoileanna 2021-22 a fháil ar líne ar IFI@Schools. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin ardán sruthaithe téigh go dtí ifi.ie/learn/ifischools-about.

Íoslódáil Clár Iomlán Scoileanna IFI 2021/2022 ag ifi.ie/learn/schools

Nó le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le schools@irishfilm.ie.

Foilsithe

21/12/2021

Foirmeacha Ealaíne

Scannán

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Réigiún

Ar fud na tíre