ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Síneadh ama curtha leis an gClár Éire Ildánach go dtí 2027


Tá sé fógartha ag an Aire Martin go gcuirfidh an rialtas síneadh ama leis an gClár Éire Ildánach, an clár cultúir agus folláine a dhéanann athrú ó bhonn ar dhaoine, áiteanna agus pobail leis an gcruthaitheacht. Tiomanta don fhís gur cheart go mbeadh deis ag gach duine a n-acmhainneacht chruthaitheach a bhaint amach go hiomlán, leathnófar an clár nuálach uile-rialtais um chultúir agus folláine go ceann cúig bliana eile go dtí 2027.

Seoladh Éire Ildánach in 2017 mar chlár cultúir agus folláine uile-rialtais, dírithe ar an bhfís go mba cheart go mbeidh deas ag gach duine a n-acmhainn chruthaitheach a bhaint amach. Bunaíodh é mar tionscnamh le tógáil ar Chlár Clár Comórtha Céad Bliain Éire 2016, agus is é an t-aon chlár dá chineál ar domhan é.

Tá sé mar bhonn ag an gclár go mba cheart go mbeadh an chruthaitheacht i lár an aonaigh sa bheartas poiblí, agus go gcuirtear folláine an duine, an phobail agus na tíre chun cinn nuair a bhíonn daoine páirteach i ngníomhaíochtaí cultúrtha agus cruthaitheachta. Oibríonn Éire Ildánach i gcomhar leis an rialtas agus le heagraíochtaí ealaíne, pobail agus deonacha chun an chruthaitheacht a úsáid mar straitéis don fholláine, don chomhtháthú sóisialta agus don rath eacnamaíoch.

Tá an clár ríthábhachtach maidir le rannpháirtíocht náisiúnta atá treoraithe ag an bpobal, taobh leis an gclár um Óige Chruthaitheach, a raibh an-rath air go dtí seo, an clár um Phobail Chruthaitheachta leis na 31 údarás áitiúla, agus tar éis dóibh 5,700 togra cruthaitheach a thabhairt go ceann scríbe go dtí seo.

Dúirt an tAire Martin:

“Fáiltím go mór roimh chinneadh an Rialtais an Clár uile-rialtais um Éire Ildánach a choinneáil ar feadh cúig bliana eile agus dul i mbun oibre liom sna míonna amach romhainn chun creat chuige sin a fhorbairt. Tá an clár tar éis a bheith ceannródaíoch agus éifeachtach go dtí seo, agus deiseanna á dtabhairt do dhaoine a n-acmhainn chruthaitheach a fhiosrú. Tá príomhthionscnaimh ar nós Cruinniú na nÓg agus Scoileanna Cruthaitheacha neadaithe go maith in infreastruchtúr cultúrtha na tíre faoin am seo. Tá tograí nua a dhíríonn ar ceisteanna reatha sóisialta amhail gníomh ar son na haeráide agus an t-uaigneas tar éis teacht chun cinn chomh maith. Le tacaíocht ó mo chomhghleacaithe sa Chomh-Aireacht, tá mé ag súil go mór le Clár um Éire Ildánach a fhorbairt ionas go leanfaidh sé air ag cur le saol daoine sna blianta atá amach romhainn.”

Chinn an Rialtas go leanfadh an Clár um Éire Ildánach ar feadh cúig bliana eile, sa tréimhse 2023-2027, agus go ndíreodh sé ar na réimsí seo a leanas:
I. An Óige Chruthaitheach;
II. Pobail Chruthaitheacha;
III. Tionscail Chruthaitheacha;
IV. Sláinte agus Folláine Chruthaitheach; agus
V. Gníomhú Cruthaitheach ar Son na hAeráide agus Inbhuanaitheacht.

Táthar ag súil leis go gcuirfear an creat deiridh don Chlár um Éire Ildánach 2023-2027 faoi bráid an Rialtais lena fhaomhadh i bhfómhar 2022 agus go ndéanfar é a fhoilsiú, a sheoladh agus a chur i bhfeidhm ar bhonn uile-rialtais ina dhiaidh sin.

Féach ar www.creativeireland.gov.ie/en/news/creative-ireland-programme-extended-to-2027/ chun tuilleadh eolais a fháil.

Foilsithe

16/2/2022

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Na luathbhlianta

Réigiún

Ar fud na tíre