ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Acmhainn: ‘A Splash of Blue’ le Comhairle Contae Mhaigh Eo


An acmhainn ranga ‘A Splash of Blue’ ag gabháil le Taispeántas na Scoileanna, Comhairle Contae Mhaigh Eo

Seirbhís Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo & Kids' Own Publishing
Acmhainn bhunscoile

Is Taispeántas Scoileanna agus acmhainn ranga é ‘A Splash of Blue’ atá ar fáil ar iasacht do bhunscoileanna i gContae Mhaigh Eo ó Sheirbhís Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo. Tá na saothair ealaíne sa taispeántas mar chuid de bhailiúchán Chomhairle Contae Mhaigh Eo, agus baineann siad le healaíontóirí atá ag cur fúthu i Maigh Eo nó a raibh taispeántas acu sa chontae.

Togra de chuid Sheirbhís Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo is ea ‘A Splash of Blue’, a forbraíodh i gcomhpháirt le Kids’ Own Publishing chun go mbeadh rochtain ag scoileanna ar an mbailiúchán lena thaispeáint do leanaí conas saothair ealaíne a fhiosrú trí fhéachaint, smaoineamh, caint agus freagairt ar bhealaí cruthaitheacha.

Tá an bailiúchán ‘A Splash of Blue’ agus an acmhainn atá ag gabháil leis ar fáil anois le cuairt a thabhairt ar scoileanna i gContae Mhaigh Eo. Tá an leabhrán lán le smaointí ó leanaí maidir le conas dul i ngleic leis na saothair ealaíne ar bhealach taitneamhach agus iad á dtaispeáint i do scoil. Anois féadfaidh tusa bheith i do thaiscéalaí cruthaitheach, agus an leabhrán seo á úsáid agat chun tacú le do thóraíocht taisce ar Thaispeántas na Scoileanna.

Más spéis le do scoil a bheith páirteach agus ‘A Splash of Blue’ a úsáid chun tacú le do chuid taiscéalaíochta ar Thaispeántas na Scoileanna, cuir r-phost chuig mayoarts@mayococo.ie nó cuir glaoch ar 09490 64666 chun cuairt saor in aisce chuig do scoil a eagrú.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach: www.mayo.ie/arts/programme/youth-art/schools-exhibition

Foilsithe

16/2/2022

Foirmeacha Ealaíne

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Bhunscoile

Réigiún

Maigh Eo