ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Imeacht: Bringing Books to Life, ceardlanna do bhunscoileanna


Open book with world growing out of it

Draíocht 
Dátaí: 1-31 Márta 2022

Chun 25 bliana de Lá Idirnáisiúnta na Leabhar a cheiliúradh ar an 3 Márta, tugann Draíocht cuireadh do bhunscoileanna cuairt a thabhairt ar an gceardlann iontach seo a chuirfidh beocht i leabhair.

Ag baint úsáid as téamaí ó scéalta sí a bhfuil cur amach ag gach duine orthu mar phointe tosaigh, ligfidh na ceardlanna seo do leanaí aithne a chur ar dhomhan na leabhar trí scéalaíocht chruthaitheach agus cluichí grúpa. Díreoidh na ceardlanna seo ar bhealaí inar féidir an tsamhlaíocht a mhúscailt, a bheith ag smaoineamh ar bhealach cruthaitheach agus inar féidir le leanaí bheith ag féachaint, ag éisteacht agus iad a féin a chur in iúl le cluichí drámaíochta. Oibreoidh scoláirí le chéile chun taispeántas gearr a chumadh bunaithe ar scéalta a bhfuil cur amach acu orthu cheana, rud a thabharfaidh deis dóibh rud éigin a chruthú as an nua!

Tabharfar áiteanna do na céad daoine a chláróidh, agus tá an clár teoranta do scoileanna i gceantar Bhaile Átha Cliath 15 amháin. €120 an costas in aghaidh an lae. Cuirtear gach ábhar ar fáil. Ag brath ar na healaíontóirí a bheidh ar fáil, tá an clár seo teoranta do dhá lá i ngach scoil.

Dátaí: 1-31 Márta 2022

Is féidir ceardlanna a chur ar siúl aon lá ón 1-31 Márta. Is é an 11 Márta 2022 an lá deiridh chun áirithint a dhéanamh. Le haghaidh tuilleadh eolais féach www.draiocht.ie/whats-on/bringing-books-to-life

Foilsithe

23/2/2022

Foirmeacha Ealaíne

Oideachas Dráma

Leibhéal

Bhunscoile

Réigiún

Contae Bhaile Átha Cliath