ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Ceardlann Clódóiríní agus Scéalaíochta leis an Músaem Náisiúnta Cló


Wooden typeface at National Print Museum Early Years workshops

Músaem Náisiúnta Cló
Leanúnach

Cuireann an Músaem Náisiúnta Cló ceardlann spraíúil idirghníomhach Clódóiríní agus Scéalaíochta ar fáil do ghrúpaí réamhscoile/luath-Montessori. Tá na ceardlanna oiriúnach do leanaí idir 3 agus 5 bliana d’aois.

Bíonn na ceardlanna ar siúl i Seomra Oideachais an Mhúsaeim, a ullmhaítear do na leanaí roimh ré. Rachaidh na leanaí le scéalaí ar dtús, a léifidh scéal taitneamhach agus tarraingteach dóibh ó Leabharlann na nÓg, agus prapaí in úsáid. Tá sé i gceist go mbeidh baint éigin ag gach scéal leis an gclódóireacht, le leabhair, le músaeim nó le leabharlanna.

Nuair a bheidh an seisiún scéalaíochta thart, cuirfidh na leanaí naprúin orthu agus déanfaidh siad hata clódóra dá gcuid féin a dhearadh ag baint úsáid as criáin agus stampaí dúigh. Beidh cead ag leanaí bogadh timpeall an tSeomra Oideachais chun earraí a roghnú lena bhféadfadh siad a gcuid hataí a mhaisiú. Nuair a bheidh a gcuid hataí críochnaithe acu beidh na leanaí ina gclódóiríní láncháilithe!

Conas áit a chur in áirithint

Mairfidh an ceardlann 45 nóiméad agus tá spás do 24 leanbh. Is gá 10 leanbh, ar a laghad a bheith sa ghrúpa agus tá sé mar riachtanas ag an Músaem Náisiúnta Cló go mbeidh ar a laghad duine fásta amháin i láthair do gach ceithre leanbh. Tá costas €2.00 ar an gceardlann do gach páiste agus tá cead isteach saor in aisce ag ceannairí / múinteoirí. Chun áirithint a dhéanamh féach www.nationalprintmuseum.ie/education/schools/preschool/ nó déan teagmháil leis an Oifigeach Oideachais education@nationalprintmuseum.ie.

Foilsithe

23/2/2022

Foirmeacha Ealaíne

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Na luathbhlianta

Réigiún

Cathair Bhaile Átha Cliath