ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Gairm ar chuir i láthair agus ceardlanna: Lá Thairseach Réigiúnach an Earraigh, 2022


Creative workshop with artist Vanya Lambrecht Ward at the 2019 Regional Day in Leitrim

Na hEalaíona san Oideachas
Spriocdháta:  5 i.n, 31 Márta 2022

A Ealaíontóirí, a mhúinteoirí a acadóirí agus a ghairmí oideachais ealaíne, ar mhaith libh a bheith páirteach i Lá Thairseach Réigiúnach an Earraigh? Tá Foireann Lá Thairseach Réigiúnach an Earraigh, ag lorg iarratais do chuir i láthair agus do cheardlanna le haghaidh Lá Thairseach Réigiúnach an Earraigh 2022 agus béim ar leith ar Chill Dara, Cill Mhantáin, an Mhí agus an Lú. Beidh an t-imeacht réigiúnach seo ar siúl sa Mheánoirthear ag Ionad Tacaíochta Oideachais Chill Dara Dé Sathairn 7 Bealtaine 2022.

Is é an aidhm atá leis an imeacht seo ná nasc a dhéanamh idir múinteoirí, ealaíontóirí, bainisteoirí ealaíne agus aon duine ar suim leo na healaíona san oideachas, atá lonnaithe i gCill Dara, Cill Mhantáin, an Mhí nó an Lú. Is féidir le cleachtóirí tuilleadh a fhoghlaim faoin Tairseach, insint dúinn faoina gcuid oibre, ceangal a dhéanamh leis an bpobal ar bhonn réigiúnach, cleachtas a roinnt agus foghlaim faoi na deiseanna nó imeachtaí atá ar fáil ina gceantair áitiúla.

Táimid ag cur fáilte roimh thograí ó eagraíochtaí nó ó dhaoine aonair a bhfuil baint acu leis na healaíona nó le tograí cruthaitheachta sa Mheánoirthear, ar mian leo cuir i láthair nó ceardlanna spreagtha a thabhairt ina mbeidh deis ann scileanna a roinnt le chéile, mar aon le cineálacha cur chuige praiticiúla, léargais nua agus smaointeoireacht chriticiúil thar an réimse ar fad, ó réimse peirspictíochtaí.

Spriocdháta:  5 i.n, 31 Márta 2022

An bhfuil ceardlann nó cur i láthair agat ba mhaith leat a chur san áireamh i gclár Lá Thairseach Réigiúnach an Earraigh? Más rud é go bhfuil, seol ríomhphost chuig editor@artseducation.ie.

 

 

Foilsithe

16/3/2022

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Réigiún

Cill Dara