ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Seachtain na Scoileanna Ildánacha 2022: Maireann Cruthaitheacht Anseo


Orange paper fish sculpture hovering over purple stage with people lying down: Creative Schools Week 2019, Mullingar

Creidiúint: Seachtain na Scoileanna Ildánacha 2019, an Muileann gCearr

Tionscnamh na Comhairle Ealaíon um Scoileanna Ildánacha
Dáta: 9 - 13 Bealtaine 2022

Cén áit i scoileanna a dtarlaíonn fiosracht i scoileanna? Cathain a bhíonn scoláirí ag fiosrú ceisteanna ‘Cad a tharlódh dá...’? Conas a léirítear inspioráid agus samhlaíocht? Tá an chruthaitheacht ag forbairt agus ag bláthú i ngach timpeallacht scoile. Tá lúcháir ar Chomhairle Ealaíon na hÉireann Seachtain na Scoileanna Ildánacha a fhógairt. Sa tseachtain seo cuirtear spás ar fáil san fhéilire chun scoileanna a aithint mar ionaid chruthaitheachta, aird a tharraingt ar na réimsí sin ina bhfuil an chruthaitheacht ar obair, agus deis a thabhairt do scoláirí a n-éachtaí cruthaitheacha a chomhroinnt.

Is é ‘Maireann Cruthaitheacht Anseo’ an téama do chomórtas na bliana seo. Is deis é do scoilphobail sos a thógáil agus machnamh a dhéanamh ar na háiteanna a bhfuil cruthaitheacht le feiceáil i ngach rang, i ngach roinn agus i dtaithí gach scoláire. Am atá sa tseachtain seo chun díriú ar cheiliúradh a dhéanamh ar an gcruthaitheacht seo, b’fhéidir trí chur le heispéiris scoláirí le hócáidí nó ceardlanna, agus ardán a chur ar fáil chun a thaispeáint conas a mhaireann cruthaitheacht i ngach scoil.

Tugann cláir ar líne Scoileanna Ildánacha ó cheiliúradh 2021 léargas ar ghníomhaíochtaí agus ócáidí cruthaitheacha i suíomhanna scoile agus aoisghrúpaí éagsúla. Tá na heagráin seo ar fáil ar https://www.artscouncil.ie/ga/scoileanna-ildanacha/seachtain-na-scoileanna-ildanacha-2021/

Dáta: 9 - 13 Bealtaine 2022

Tá Seachtain na Scoileanna Ildánacha oscailte do gach scoil.  Gheobhaidh scoileanna bróisiúr ina bhfuil a lán smaointe agus bealaí le bheith páirteach sa cheiliúradh. Seolfaidh Scoileanna Ildánacha roinnt nuashonruithe sna seachtainí díreach roimh an 9 Bealtaine le níos mó smaointe le haghaidh gníomhaíochtaí agus eolas maidir le conas is féidir le bhur scoileanna ceiliúradh a dhéanamh. Chun tuilleadh eolais a fháil nó le bheith páirteach, déan teagmháil le creativeschools@artscouncil.ie le do thoil.

Foilsithe

16/3/2022

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Réigiún

Ar fud na tíre