Sraith Theilifíse um Ealaíona Nua agus Cruthaitheacht: This is Art Club!
RTÉ
Dátaí: 5pm Déardaoin agus ar RTÉ Player
Tá RTÉ ag seoladh sraith nua iontach d’ealaíontóirí óga agus daoine a bhfuil dúil acu san ealaín gach áit dar teideal This is Art Club! Arna chur i láthair ag na healaíontóirí Éireannacha Holly Pereira, Shane Keeling agus Ross Carvill, díríonn an tsraith seo, a bhfuil ocht gcuid inti, ar ábhar speisialta amháin gach seachtain, ag fáil amach cá dtagann sé as agus cén fáth a ndéantar ealaín dhochreidte as.
Gach seachtain, le cabhair ó Phrintísigh óga Ealaíne, breathnóidh siad ar an ealaín is iontaí ó ealaíontóirí inspioráideacha Éireannacha, aimseoidh siad roinnt post iontach i saol na healaíne, agus feicfidh siad conas a fhéadfaidh tú do ghrá ar an ealaín a úsáid chun gairm bheatha a bheith agat. Ón teicneolaíocht go cupáin tae, smideadh go miotail, agus poncanna digiteacha go fíorphotaí péinte, clúdaíonn siad na hábhair agus na próisis a mbraitheann saol na healaíne orthu.
Dátaí: 5pm Déardaoin agus ar RTÉ Player
Is féidir leat breathnú ar an tsraith seo de This is Art Club! gach seachtain ar RTÉ2 agus RTÉ Player ag am a oireann duit. Faigh tuilleadh eolais anseo: www.rte.ie/thisisart/club
Foilsithe
16/3/2022