ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Sraith Theilifíse um Ealaíona Nua agus Cruthaitheacht: This is Art Club!


This Is Art Club! presenters Holly Pereira and Shane Keeling

RTÉ 
Dátaí: 5pm Déardaoin agus ar RTÉ Player

RTÉ ag seoladh sraith nua iontach d’ealaíontóirí óga agus daoine a bhfuil dúil acu san ealaín gach áit dar teideal This is Art Club! Arna chur i láthair ag na healaíontóirí Éireannacha Holly Pereira, Shane Keeling agus Ross Carvill, díríonn an tsraith seo, a bhfuil ocht gcuid inti, ar ábhar speisialta amháin gach seachtain, ag fáil amach cá dtagann sé as agus cén fáth a ndéantar ealaín dhochreidte as.

Gach seachtain, le cabhair ó Phrintísigh óga Ealaíne, breathnóidh siad ar an ealaín is iontaí ó ealaíontóirí inspioráideacha Éireannacha, aimseoidh siad roinnt post iontach i saol na healaíne, agus feicfidh siad conas a fhéadfaidh tú do ghrá ar an ealaín a úsáid chun gairm bheatha a bheith agat. Ón teicneolaíocht go cupáin tae, smideadh go miotail, agus poncanna digiteacha go fíorphotaí péinte, clúdaíonn siad na hábhair agus na próisis a mbraitheann saol na healaíne orthu.

Dátaí: 5pm Déardaoin agus ar RTÉ Player

Is féidir leat breathnú ar an tsraith seo de This is Art Club! gach seachtain ar RTÉ2 agus RTÉ Player ag am a oireann duit. Faigh tuilleadh eolais anseo: www.rte.ie/thisisart/club

Foilsithe

16/3/2022

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Réigiún

Ar fud na tíre