ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Ócáid Seolta: The Unfinished Book of Poetry 2022


TY student writers read their poems at the Launch of The Unfinished Book of Poetry, in Cork City Library. Photo credit: Eibhlín Cassidy

Léann scoláirí Idirbhliana ar scríbhneoirí iad a ndánta ag Seoladh The Unfinished Book of Poetry i Leabharlann Chathair Chorcaí. Grianghraf ó: Eibhlín Cassidy

Leabharlanna Chathair Chorcaí agus Ó Bhéal
Dáta: Dé Céadaoin an 4 Bealtaine 2022

Tá lúcháir ar Leabharlanna Chathair Chorcaí agus Ó Bhéal a fhógairt go bhfuil filíocht nua ó scríbhneoirí idirbhliana ó chúig scoil i gCorcaigh san 18ú heagrán de The Unfinished Book of Poetry (2022). Seolfar an t-eagrán seo i Leabharlann Chathair Chorcaí, Sráid an Chapaill Bhuí, ag 12pm, Dé Céadaoin an 4 Bealtaine 2022. Tá fáilte roimh chách a bheith i láthair agus éisteacht leis na scríbhneoirí óga seo ag léamh óna saothar.

Gach bliain freastalaíonn na scoláirí seo, ar scríbhneoirí iad, ar shraith de cheardlanna faoi stiúir filí aitheanta ar feadh naoi seisiún. Tarlaíonn na ceardlanna idir Samhain agus Márta agus seolann Ardmhéara Chorcaí an leabhar ansin gach bliain.

I measc na scoileanna i mbliana tá Pobalscoil Bhaile an Easpaig, Gaelcholáiste Mhuire, A.G., Scoil Phobail Ghort Álainn, Scoil Naomh Alabhaois agus Coláiste Chríost Rí.

Dáta: Dé Céadaoin an 4 Bealtaine 2022

Ó 2005 i leith chuir corradh is tríocha scríbhneoir ceardlanna ar fáil do scoláirí Idirbhliana ó chorradh is fiche scoil i gCorcaigh, agus cuirtear saothar beagnach 700 scríbhneoir óg i gcló. Tá Ó Bhéal ag eagrú an tionscadail ó 2012 i leith. Chun tuilleadh a fháil amach faoin tionscadal seo, féach www.obheal.ie/blog/the-unfinished-book-of-poetry/

Foilsithe

23/3/2022