ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Forbairt Ghairmiúil Leanúnach ar líne do Mhúinteoirí: Aireachas agus Ealaín


George Barret (1728/32-1784), View of Powerscourt Waterfall, c.1760

Píosa ó View of Powerscourt Waterfall le George Barret, timpeall 1760

Gailearaí Náisiúnta na hÉireann
Dáta: 4-5pm, an 11 Bealtaine 2022

Tugann Gailearaí Náisiúnta na hÉireann cuireadh do mhúinteoirí chuig Forbairt Ghairmiúil Leanúnach ar líne do Mhúinteoirí: Aireachas & Ealaín. Bí le Maria Broderick, treoraí turais gailearaí agus múinteoir bunscoile, le haghaidh ceardlann phraiticiúil a chuirfidh ar fáil duit uirlisí agus smaointe chun aireachas a chur san áireamh sa seomra ranga.

Tacófar le múinteoirí in úsáid acmhainn Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann, Art & Mindfulness, sa seisiún seo, agus beidh piarfhoghlaim trí obair ghrúpa san áireamh ionas go mbeidh tú in ann forbairt a dhéanamh ar straitéisí traschuraclaim cruthaitheacha.

Tabhair faoi deara gur imeacht ar líne trí Zoom atá anseo. Cuirfear nasc trí ríomhphost chuig gach sealbhóir ticéid roimh an imeacht. Dúnfar áirithintí uair an chloig roimh thús sceidealaithe an imeachta.

Dáta: 4-5pm, an 11 Bealtaine 2022

Chun tuilleadh eolais a fháil nó chun áirithint a dhéanamh, féach ar www.nationalgallery.ie/whats-on/online-cpd-teachers-mindfulness-art#na

Foilsithe

23/3/2022

Foirmeacha Ealaíne

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Réigiún

Ar fud na tíre