ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Imeachtaí Clár scoileanna ag Gailearaí Highlanes


Highlanes Gallery Primary School Programme, Class Workshop, Spring 2022. children's hands pressing edge of table with clay heads on table

Clár Bunscoile Ghailearaí Highlanes, Ceardlann Ranga, Earrach 2022. Íomhá: Jenny Matthews

Gailearaí Highlanes
Dátaí: Aibreán - Samhain 2022

Gailearaí Highlanes ag tairiscint cláir bhunscoile agus iar-bhunscoile araon, ar siúl ó Aibreán go Samhain 2022, a mheallfaidh do scoláirí le healaín agus smaointe.

Is é atá i gceist leis an gclár bunscoile 4 sheisiún saor in aisce mar a bhfiosróidh múinteoirí ealaín le do rang, ag breathnú, ag smaoineamh agus ag déanamh, ag díriú ar thaispeántais reatha Highlane.

Arna éascú ag an ealaíontóir Claire Halpin, tabharfaidh tusa agus do rang cuairt ar Ghailearaí Highlanes i bpearsa i Seisiún 1 chun breathnú ar an taispeántas, mar a n-úsáidfidh Claire modheolaíocht um Straitéisí Smaointeoireachta Amhairc chun machnamh agus plé a ghníomhú. Tá seisiún 2 agus 3 praiticiúil agus is é atá i gceist leo Claire ag tabhairt cuairt ar do sheomra ranga agus oibreoidh tusa agus do rang le smaointe agus ábhair a bhaineann leis an taispeántas. Críochnaíonn seisiún 4 le seisiún machnaimh agus plé ar ais sa ghailearaí agus leis na grúpaí ranga eile (2) a ghlacfaidh páirt freisin sa chlár.

Saothair Faighte le Déanaí (Samhradh)
Dé Céadaoin an 11 Bealtaine Cuairt ar Ghailearaí
Cé Céadaoin an 18 Bealtaine Seisiún Seomra Ranga
Cé Céadaoin an 25 Bealtaine Seisiún Seomra Ranga
Dé Céadaoin an 1 Meitheamh Seisiún Aiseolais sa Ghailearaí

Taispeántas Aonair Eithne Jordan (Fómhar)
Dé Céadaoin an 7 Meán Fómhair Cuairt ar Ghailearaí Ealaíne
Dé Céadaoin an 14 Meán Fómhair Seisiún Seomra Ranga
Dé Céadaoin an 21 Meán Fómhair Seisiún Seomra Ranga
Dé Céadaoin an 28 Meán Fómhair Seisiún Aiseolais sa Seomra Ranga

Brian Fay - The Most Recent Forever (Geimhreadh)
Dé Céadaoin an 12 Deireadh Fómhair Cuairt ar Ghailearaí
Dé Céadaoin an 19 Deireadh Fómhair Seisiún Seomra Ranga
Dé Céadaoin an 26 Deireadh Fómhair Seisiún Seomra Ranga
Dé Céadaoin an 9 Samhain Seisiún Aiseolais Gailearaí

Ar fáil freisin tá turais threoraithe iar-bhunscoile ar thaispeántas reatha Highlanes ‘WE ARE HERE’. Leanann an taispeántas seo, a bhí á chomheagrú freisin ag grúpa múinteoirí agus léachtóirí ealaíne arbh ealaíontóirí iad, go dtí an 16 Aibreán. Díreofar sna turais threoraithe ar Churaclam na hArdteistiméireachta agus/nó cuir chuige eile a bhfuil spéis ag do scoláirí iontu.

Dátaí: Aibreán - Samhain 2022

Tá an dá chlár, móide ábhair, saor in aisce do mhúinteoirí agus dá scoláirí. Chun d’áit a chur in áirithe, nó chun tuilleadh eolais a fháil, cuir ríomhphost le do thoil chuig Simon Colfer ag info@highlanes.ie

 

Foilsithe

30/3/2022

Foirmeacha Ealaíne

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Réigiún