ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Ceardlanna do bhunscoileanna & iar-bhunscoileanna le Super Paua


Super Paua workshops snail logo on blue background

Hawk’s Well Theatre
Dátaí: Dé Luain an 25 nó Dé Máirt an 26 Aibreán 2022

Hawk's Well Theatre ag tabhairt Super Paua go Sligeach chun trí cheardlann éagsúla i bpearsa a chur i láthair i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna áitiúla. Is comharghrúpa Éireannach faoi stiúir ealaíontóirí é Super Paua, a spreagann a chlár ceardlann daoine óga chun an méid atá ar eolas acu agus an chaoi ar tháinig siad ar an eolas seo a cheistiú, ag cruthú spáis dóibh leas a bhaint as a smaointe cruthaitheacha agus chun teacht le chéile chun nascadh ar bhealach nua.

Tá trí cheardlann ann: ARTificial; Is Peace Possible? Ceardlann Irisín; agus Getting Lost- Ag Dul Ar Strae - Multilingual/Super Paua Stories Workshops.

ARTificial
Fiosraítear sa cheardlann ealaíne agus eolaíochta seo intleacht shaorga, meaisínfhoghlaim agus bréagnuacht. Ag úsáid gníomhaíochtaí praiticiúla, cruthaitheacha agus bunaithe ar phlé, fiosraíonn Super Paua in éineacht leis na daoine óga na tionchair atá ag an teicneolaíocht agus ag an mbréagnuacht, agus a d’fhéadfadh a bheith acu ar ár ndomhan agus ar ár dtodhchaí.

Is Peace Possible? Ceardlann Irisín
In 1957, scríobh Kathleen Lonsdale a leabhar Is Peace Possible? Ba cheimiceoir, criostalagrafaí agus gníomhaí ceannródaíoch í Kathleen, a bhí an-fheasach ar na tionchair shóisialta agus pholaitiúla is féidir a bheith ag an eolaíocht. Sa cheardlann irisín seo, forbróidh rannpháirtithe do scileanna ealaíne agus scéalaíochta chun d’irisíní féin a fhorbairt bunaithe ar an gceist a chuireann Lonsdale i dteideal a leabhair. Cén chuma a bheadh ar an tsíocháin duitse? Cad is gá do dhaoine óga, eolaithe, ealaíontóirí agus saoránaigh dul i ngleic leo chun gur féidir go mbeadh an tsíocháin ann?

Getting Lost- Ag Dul Ar Strae
Sa cheardlann seo, beidh tú ag súgradh le nathanna cainte agus seanfhocail chun scéalta a chruthú in éineacht lena chéile, agus chun teangacha éagsúla a cheiliúradh (Gaeilge, Béarla agus na teangacha eile i do rang!). Úsáidfidh rannpháirtithe drámaíocht, íomhánna agus comhrá chun scéalta samhlaíocha a chruthú ó fhrásaí fileata uathúla inár dteangacha dúchais, arna roghnú ag na leanaí. Tá an cheardlann seo bunaithe ar Lara ar Strae ó Scéalta Super Paua, podchraoladh dátheangach do leanaí.

Dátaí: Dé Luain an 25 nó Dé Máirt an 26 Aibreán 2022

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig www.hawkswell.com/events/event/super-paua-school-workshops. Chun áirithint a dhéanamh, cuir glaoch ar oifig ticéad Hawk’s Well Theatre ar 071 9161518 (Luan – Aoine 10am – 2pm) nó cuir ríomhphost chuig boxoffice@hawkswell.ie

Foilsithe

6/4/2022

Foirmeacha Ealaíne

Oideachas Dráma

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Réigiún

Sligeach