ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Téatar do bhunscoileanna: Lúminaria


Backstage Theatre
Dáta: 11am agus 1pm, Dé hAoine an 20 Bealtaine 2022

Tugann Backstage Theatre cuireadh do bhunscoileanna chuig Lúminaria, taispeántas téatair do leanaí 6+ d’aois. Le réimse de charachtair iontacha arna léiriú ag trí aisteoir den scoth, puipéid ildaite agus buncheol, tugann Lúminaria an lucht féachana ar aistear meidhreach isteach i saol anaithnid.

Tá éigeandáil sa sráidbhaile Lúminaria agus ní féidir ach Lúna iad a tharrtháil. Bí le Lúna ar eachtra isteach sa spéir agus iarracht á déanamh aici teacht ar an solas chun a máthair agus bunadh an tsráidbhaile a chosaint ón dorchadas. Agus Lúna ag tabhairt aghaidh ar na hábhair is mó faitís di, foghlaimímid faoin uchtach, faoin ngrá agus faoi aimsiú an tsolais sna hamanna is dorcha.

Rinn an Scríbhneoir Fionnuala Gygax & an Stiúrthóir Maisie Lee roinnt ceardlann le dhá scoil áitiúla i Longfort i gcéim forbartha Lúminaria, ag cur san áireamh aiseolas na leanaí sa taispeántas samhlaíoch seo.

Dáta: 11am agus 1pm, Dé hAoine an 20 Bealtaine 2022

Tá costas €6 ar thicéid. Chun tuilleadh eolais a fháil nó chun áirithint a dhéanamh, féach ar backstage.ticketsolve.com/shows/1173621455

Foilsithe

6/4/2022

Foirmeacha Ealaíne

Amharclann

Leibhéal

Bhunscoile

Réigiún

Longfort