ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Cuid 2 – Buaiteoirí Dhámhachtain Doiciméadaithe Thairseach na nEalaíon san Oideachas, 2022, á bhFógairt


Creidiúint: Breeda Kenny

Tá lúcháir ar Fhoireann na Tairsí an dara faighteoir de bheirt fhaighteoirí Dhámhachtain Doiciméadaithe Thairseach na nEalaíon san Oideachas 2022 a fhógairt. Tá an-áthas orainn a bheith ag obair le gach faighteoir sna míonna atá le teacht chun cuntas a choinneáil ar a dtionscadail. Taispeánfar na tionscadail seo ar an tairseach de réir mar a rachaidh an cuntas ar aghaidh.

Maidir leis na faighteoirí....
Teideal an tionscadail: Tionscadal Idirnáisiúnta Múinteora-Ealaíontóra ‘Finding the Common Thread’

Is tionscadal cónaitheachta é Comhpháirtíocht Idirnáisiúnta Múinteoirí agus Ealaíontóirí (I-TAP) é seo darb ainm “Finding a Common Thread”, idir an múinteoir Breeda Kenny agus an t-amharc-ealaíontóir Vera McEvoy i gcomhar le daltaí rang a 6 i Scoil Náisiúnta Naomh Cillian, Mullach, Co. an Chabháin.

Déanfaidh an tionscadal gnéithe de Churaclam OSIE le Curaclam na nEalaíon. Déanfar é seo trí bhealach nuálach a fhorbairt ach foghlaim na scoláirí faoi thimpeallacht an phortaigh áitiúil a mheascadh le déanamh traidisiúnta na mbarriallacha.  Neartóidh an tionscadal seo an obair a clúdaíodh sa Churaclam Bunscoile sna réimsí; Béarla, Eolaíocht, Stair agus Tíreolaíocht. Cuimsítear leis na próisis a chuirfear i bhfeidhm; iniúchadh a dhéanamh ar oidhreacht dhéanamh na mbarriallacha sa réimse chomh maith leis na greamanna agus na teicnící ar leith a fhoghlaim, na greamanna agus na teicnící céanna a úsáidtear chun an bharriall Charraig Mhachaire Rois a dhéanamh. Cuirfear deiseanna ar fáil do na scoláirí chun patrúin a dhearadh dá bpíosaí barréille bunaithe ar a gcuairt ar an bportach agus ar an iniúchadh a rinne siad ar fhlóra agus fána sa timpeallacht uathúil seo. Bainfear úsáid as cur chuige cinéistéiseach agus as cur chuige bunaithe ar fhiosrú ar fud an tionscadail chun smaointeoireacht chriticiúil agus nuálaíocht a spreagadh ach níos tábhachtaí fós chun cruthaitheacht indibhidiúil na scoláirí féin a fhorbairt. Beidh guth an pháiste riachtanach ó thús deireadh an tionscadail.

Beidh deis spreagúil ag na scoláirí páirt a ghlacadh i nDámhachtain Doiciméadaithe na Tairsí chun taifead a dhéanamh ar a dturas foghlama laistigh de churaclam na nEalaíon trí rud darb ainm “Leabhair Phortaigh” a chruthú lena gcuimseofar píosaí barréille samplacha mar aon le machnaimh na scoláirí féin ar an bpróiseas.

Ealaíontóir: Vera McEvoy

Is amharc-ealaíontóir agus oideoir atá lonnaithe i gCill Dara í Vera McEvoy agus is céimí í de chuid Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha Bhaile Átha Cliath freisin. Is ealaíontóir ildisciplíneach í Vera a oibríonn sna tionscadail chomhoibríocha agus i dtionscadail na n-ealaíon rannpháirteach. Tá sé de rún aici cruthaitheacht a spreagadh a thuilleadh sna haoisghrúpaí ar fad, ach deiseanna a chur ar fáil chun iniúchadh agus turgnaimh a dhéanamh agus rudaí a chruthú ach próisis, teicnící agus ábhair ealaíne éagsúla a úsáid. Is léachtóir í in Oideachas Amharc-Ealaíne, Roinn Froebel don Bhun- agus Luath-Oideachas, Ollscoil Mhá Nuad. Is ball í den phainéal Ealaíontóirí Helium ó bhí 2019 ann agus is Comhlach Cruthaitheach í de Chlár na Scoileanna Ildánacha ó shin i leith freisin.

‘Is iontach an leas a rinne an chomhpháirtíocht a bhí agam le Breeda do mo chleachtas agus do m’fhorbairt ghairmiúil agus dom féin go pearsanta. Tá áthas orm agus mé ag súil lenár gcomhpháirtíocht a leathnú mar chuid de Dhámhachtain Doiciméadaithe Thairseach na nEalaíon san Oideachas,’ Vera. Is féidir tuilleadh saothair le Vera a fheiceáil ag www.veramcevoy.com

Múinteoir: Breeda Kenny

Is Leas-Phríomhoide í Breeda Kenny i Scoil Náisiúnta Naomh Cillian, an Mullach, Co. an Chabháin. Bíonn sí ag teagasc Rang a Sé faoi láthair. Is céimí í de chuid Choláiste Oideachais Mhuire gan Smál. Bhí suim ag Breeda sna healaíona riamh, agus go háirithe i gCeol. Bhíodh sí freagrach as na cúrsaí samhaidh a sheachadadh sa réimse seo in Ionad Oideachais Mhuineacháin D’oibrigh sí le Vera McEvoy ó bhí 2016 ann ar an gcúrsa Chomhpháirtíocht idir Múinteoirí agus Ealaíontóirí (TAP).

Bhain sí M.Sc. in Oideachas agus Oiliúint amach in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath in 2013. Ba é teideal a tráchtais ná “How can I demonstrate the importance of the Creative Arts in my practice as a primary school teacher through the medium of video?” Mar chuid dá ról mar Leas-Phríomhoide, tá sí freagrach anois as forbairt na n-ealaíon cruthaitheach i Scoil Náisiúnta Naomh Cillian.

Foilsithe

13/4/2022

Leibhéal

Bhunscoile

Réigiún

An Cabhán