ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 2 - Marc Mac Lochlainn, Stiúrthóir Ealaíne Feidhmeannach Bhranar Téatar do Pháistí


Grianghraf ó: Emilija Jefremova

Marc Mac Lochlainn

Marc Mac Lochlainn is the executive artistic director of Branar Téatar do Pháistí. Marc founded the company in 2001. Along with Branar’s ensemble of actors he has created and directed all of Branar’s 21 original shows. He founded and runs Branar’s “AG ROINNT” theatre resource sharing scheme and the TINY SHOWS weekends. Branar is one of Ireland’s leading theatre companies making work for children. Based in the West of Ireland, Branar are renowned for creating highly imaginative and beautiful work.

Ulysses, Ulysses 2.2

Bhí muid ag obair an mhí seo i mBranar chun an t-úrscéal Ulysses a scríobh James Joyce a chóiriú do leanaí atá idir 7 mbliana agus 12 bhliain d’aois. Is tionscadal dúshlánach é seo, ach is tionscadal fiúntach é ag an am céanna mar go bhfuil deis againn dul i mbun oibre leis an téacs iontach a scríobh Joyce 100 bliain ó shin. Bhí orainn iniúchadh a dhéanamh ar na bealaí ar féidir linn an téacs a chóiriú ionas go mbeidh sé spéisiúil agus feiliúnach do lucht léitheoireachta níos óige.

Chuir Músaem Litríochta na hÉireann, Landmark Productions agus ANU Productions comóradh bliana ar bun chun cothrom céad bliana ar chlódóireacht Ulysses, Ulysses 2.2, a cheiliúradh. Choimisiúnaigh siad 18 n-ealaíontóir chomhaimseartha chun freagra a thabhairt ar eipeasóidí éagsúla sa leabhar trí úsáid a bhaint as foirmeacha difriúla ealaíne.

Níor scríobhadh Ulysses do lucht óg léitheoireachta dar ndóigh agus tá go leor ábhar, plotaí agus fo-phlotaí sa leabhar nach bhfuil feiliúnach do leanaí. Ach tá go leor draíochta sa leabhar freisin, in ábhar, teanga agus  scéal an leabhair, atá bunaithe ar chathair amháin i lá amháin, an 16 Meitheamh 1904.

Chinneamar go leanfaimid Stephen Dedalus agus Leopold Bloom (na príomhcharachtair) ar an aistear a bhí acu tríd an gcathair le linn an lae sin sa samhradh. Is beirt charactar ar leith iad; tá brón ar dhuine amháin acu den chuid is mó agus bíonn sé ag smaoineamh tríd an bhfilíocht agus tá áthas ar an duine eile agus bíonn smaointe gearra géara aige. Ligeann sé sin don lucht léitheoireachta an bheirt charactar sin a aithint go soiléir de réir mar a théimid ar aghaidh sa lá ag athrú ó charactar go carachtar.

I ndiaidh dom an leabhar a léamh, shocraigh mé na híomhánna is fearr a léireodh an t-aicsean do gach eipeasóid, ansin chuaigh mé i mbun oibre le comhghleacaí agus cara liom, Maeve Clancy, ar ealaíontóir páipéir í, agus chinneamar an chuma a bheadh ar na híomhánna sin agus chruthaigh Maeve leagan preableabhair den úrscéal Ulysses. Rinne an taibheoir Helen Gregg, a bhí ag obair liom sa chóiriú ar an bpíosa, beochan de na preableabhair.

Sa phreableabhar, ligtear dúinn radhairc nua a chruthú go sciobtha ach cuirtear gné dhraíochta agus gné iontais leis freisin agus leis sin ligtear do na leanaí caidreamh a bhunú leis an scéal agus leis na daoine laistigh den scéal sin. Tá 39 preab-íomhá ann agus tá dhá íomhá do gach eipeasóid, ní oibríonn aon cheann de na preab-íomhánna ar an mbealach céanna agus mar sin tá go leor ábhar físiúil do na leanaí le leanúint.

Is í Helen Gregg a chuireann téacs an scéil ar fáil ar bhealach iontach.  Chuir Michael Chang, an cumadóir atá againn, ceol leis an scéal a chuirfeadh go mór leis na gnéithe sin. Chuir Adrian Ferry, innealtóir fuaime, fuaim leis an scéal agus chruthaíomar scannán den leagan den phreableabhar sin in éineacht leis agus le James Ryan a rinne an scannánú, agus beidh an scannán ar fáil do scoileanna ar fud na tíre. Beidh siad in ann breathnú ar an scannán agus caidreamh a bhunú leis an scéal agus beidh siad in ann a thuiscint sa deireadh gur scéal é Ulysses faoi roinnt carachtair éagsúla i gcathair amháin i lá amháin.

Is éard atá sa léiriú seo ná cuireadh do leanaí a chruthaigh a scéal féin ar a lá an 16 Meitheamh 1922 Bloomsday. Baileoidh Músaem Litríochta na hÉireann na scéalta sin ar fad agus ansin cuirfear i gcartlann iad agus beidh na leanaí in ann teacht ar a scéalta ar líne níos deireanaí an bhliain seo.

Foilsithe

29/4/2022

Foirmeacha Ealaíne

Amharclann

Leibhéal

Bhunscoile