ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Acmhainn: Físeáin Tionscnaimh Speisialta maidir leis an gComhpháirtíocht idir Múinteoirí agus Ealaíontóirí (TAP)


Gearrthóg físe ina ndéanann an múinteoir Jacintha Mullins agus na scoláirí ó na 4 fhíseán seo iniúchadh ar an bhfáth a bhfuil an caidreamh idir Múinteoirí agus Ealaíontóirí tábhachtach, ar luach na n-ealaíon sa seomra ranga agus níos mó.

Comhpháirtíocht idir Múinteoirí agus Ealaíontóirí (TAP) agus Comhpháirtíocht Foilsitheoireachta Kids’ Own
Áis físe

Tá an-áthas ar an gClár Comhpháirtíochta idir Múinteoirí agus Ealaíontóirí (TAP), i gcomhpháirtíocht le Comhpháirtíocht Foilsitheoireachta Kids’ Own, sraith físeán a sheoladh a forbraíodh mar chuid de thionscnamh speisialta a bhfuil sé mar aidhm aige tacú le péirí múinteoirí-ealaíontóirí le doiciméadú agus rannpháirtíocht chomhoibríoch ar líne.

Déantar iniúchadh san áis físe seo ar cheithre cheist éagsúla: Cén fáth a bhfuil an caidreamh idir Múinteoirí agus Ealaíontóirí tábhachtach, cén fáth a bhfuil sé tábhachtach taifead a dhéanamh ar do thionscadail, cén luach a bhaineann leis na healaíona sa seomra ranga agus faoi dheireadh, cén chuma a bhíonn ar phróiseas faoi stiúir an pháiste? Cuimsítear péirí Múinteoirí agus Ealaíontóirí leis na ceithre fhíseán a bhí rannpháirteach i dTionscadal Tionscnaimh Speisialta (TAP) a bhí ar siúl i rith na bliana 2021.

Tá na físeáin seo mar chuid de chlár níos leithne arna éascú ag Comhpháirtíocht Foilsitheoireachta Kids’ Own. Ghlac na rannpháirtithe páirt i gclár oiliúna doiciméadaithe ar líne a raibh 5 sheisiún ann. Cuimsíodh leis na ceardlanna miona seo, ábhair amhail, céard is cáipéisíocht chruthaitheach ann, uirlisí digiteacha le haghaidh comhoibrithe agus cáipéisíochta cruthaithí, cáipéisíocht mar chuid de do phróiseas, do chruthaitheacht agus do shaothar cruthaitheach a chur i láthair agus faoi dheireadh, do shaothar a chur in eagar agus a choimeád.

Féach ar na físeáin anseo:

  1.   Cén chuma a bhíonn ar phróiseas atá faoi stiúir leanaí?https://vimeo.com/manage/videos/706103042
  2.   Cén luach a bhaineann leis na healaíona sa seomra ranga: https://vimeo.com/manage/videos/706105556
  3.   An fáth a bhfuil sé tábhachtach do thionscadail a thaifeadadh: https://vimeo.com/manage/videos/706107812
  4.   Cén fáth a bhfuil an caidreamh idir Múinteoirí agus Ealaíontóirí tábhachtach: https://vimeo.com/manage/videos/706110192

Chomh maith leis sin, ghlac na péirí Múinteoirí-Ealaíontóirí páirt i 6 sheisiún meantóireachta, roghnaigh siad an meantóir ab fhearr a d’fheil dá dtionscadal ó phainéal roghnaithe. Ba i rith na seisiún meantóireachta seo, a fuair na péirí an deis chun mionscrúdú a dhéanamh ar a gcleachtas le chéile, rud a d’fhág go raibh spás ann chun machnamh a dhéanamh. Cuimseofar leis an ngné dheireadh den Tionscnamh Speisialta, foilseachán digiteach ina roinnfear na rudaí a foghlamaíodh ón gclár oiliúna cáipéisíochta seo.

Tionscnamh ar leith á stiúradh ag an Roinn Oideachais is ea an Chomhpháirtíocht idir Múinteoirí agus Ealaíontóirí (TAP) agus FGL (Forbairt Ghairmiúil Leanúnach) agus an Clár Cónaitheachta chun tacú leis na healaíona agus an chruthaitheacht san oideachas i mbunscoileanna agus iad sin a fheabhsú. Tá sé á mhaoiniú faoin gClár Éire Ildánach - Óige Chruthaitheach agus faigheann sé tacaíocht faoin gClár Céanna. Áirítear Cúrsaí Samhraidh FGL agus ina dhiaidh sin, deiseanna maoinithe le haghaidh Ealaíontóirí Cónaithe leis an tionscnamh ina n-oibreoidh múinteoirí agus ealaíontóirí traenáilte faoi TAP agus leanaí i gcomhpháirtíocht lena chéile i rith na bliana acadúla ina dhiaidh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi TAP féach: edcentretralee.ie/27-teacher-artist-partnership.html

Beidh TAP Duine le Duine 2022 ar siúl ón Luan, an 4 Iúil - an Aoine, an 8 Iúil. Beidh an Clár Cónaitheach don Chomhpháirtíocht idir Múinteoirí agus Ealaíontóirí 2022 – 2023 ar fáil d’ocht scoil rannpháirteacha sna 21 Ionad Tacaíochta Oideachais ar fad. Ní bheidh ach scoileanna ar ghlac a múinteoirí páirt i gcúrsa an tsamhraidh 2022 incháilithe do chónaitheacht, agus na scoileanna sin amháin.

Cláraigh ar shuíomh gréasáin d’Ionaid Tacaíochta Oideachais lánaimseartha áitiúil. Féach an nasc chun d’Ionad Tacaíochta Oideachais áitiúil a aimsiú https://esci.ie/



Foilsithe

18/5/2022

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Réigiún

Ar fud na tíre