ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Clár na Scoileanna Ildánacha 2022/ 2023 ag glacadh le hiarratais anois


Ronaldo Fanzini (aka Con Horgan) entertains the staff and students at The Royal School, Cavan as part of Creative Schools Week.

Scoileanna Ildánacha
Spriocdháta: 17.30, 2 Meitheamh 2022

D’fhógair an Chomhairle Ealaíon go bhfuiltear ag glacadh anois le hiarratais ó scoileanna le haghaidh chlár na Scoileanna Ildánacha 2022/ 2023.

Dearadh Scoileanna Ildánacha chun deiseanna a chur ar fáil do leanaí agus daoine óga chun a gcuid scileanna chruthaitheacha agus ealaíonta a fhorbairt, agus tacaíonn an clár le bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna agus le hionaid Ógtheagmhála ar fud na hÉireann chun na healaíona agus an chruthaitheacht a chur i gcroílár saol leanaí agus daoine óga.

I measc na bpríomhthacaíochtaí a chuireann an clár ar fáil tá; saintacaíocht agus sainchomhairle ó Chomhlach Cruthaitheach atá sannta do gach scoil/ionad; oiliúint agus líonrú; agus maoiniú chun Pleananna Scoileanna Ildánacha a chur i bhfeidhm.

Glacadh go maith le togra na Scoileanna Ildánacha ó bunaíodh é in 2018 i leith, agus tá níos mó ná 90% de na scoileanna a ghlac páirt ann tar éis rannpháirtíocht sa chlár a mholadh.

Le linn sheoladh an chláir, dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon:

“Táimid ar bís a bheith in ann cuireadh a thabhairt don chéad ghrúpa eile de scoileanna páirt a ghlacadh i dtogra na Scoileanna Ildánacha. Mar chuid de thiomantas leanúnach na Comhairle Ealaíon i dtaca le bheith ag pleanáil agus ag soláthar do leanaí agus daoine óga, is tionscadal cumhachtach é Scoileanna Ildánacha, a chuireann na healaíona agus an chruthaitheacht i gcroílár saol leanaí agus daoine óga. Gabhaimid buíochas leis an Roinn Oideachais, leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus gach aon duine ag Éire Ildánach as a gcomhpháirtíocht leantach leis an gclár tábhachtach náisiúnta seo.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD:

“Is léiriú bunúsach iad an Cultúr agus na hEalaíona dínn féin mar náisiún agus tá ról fíorthábhachtach acu i bpobail ar fud na hÉireann. Tá lúcháir orm a bheith anseo inniu ag Bunscoil Shráid Stanhope, scoil atá rannpháirteach i gclár na Scoileanna Ildánacha faoi láthair. Cuireann an léiriú cruthaitheach deiseanna ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga triail a bhaint as smaointe nua agus a n-acmhainneacht chruthaitheach a fhiosrú. Dearadh an clár seo chun na huirlisí a thabhairt do mhúinteoirí agus do mhic léinn leis an gcruthaitheacht a phlé agus a gClár Scoileanna Ildánacha saincheaptha féin a chur i bhfeidhm. Mholfainn do gach scoil breithniú ar chur isteach ar Scoileanna Ildánacha agus tús a chur lena n-aistear cruthaitheach féin.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Oideachais Norma Foley:

“Tá an-áthas orainn a bheith ag comhoibriú lenár gcomhghleacaithe sa Chomhairle Ealaíon agus sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chun cuireadh a thabhairt do gach uile scoil cur isteach ar Scoileanna Ildánacha 2022. Cuireann an tionscnamh deiseanna ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga cur lena gcuid scileanna ealaíne agus cruthaitheacha; chun cumarsáid a dhéanamh, chun comhoibriú le chéile, chun a samhlaíocht a mhúscailt, chun a gcumas nuálach a chothú, agus chun leas a bhaint as a gcuid fiosrachta. Molaim gach uile scoil atá tar éis tabhairt faoin aistear seo go dtí seo agus táim ar bís go bhfuil grúpa scoileanna nua chun tús a chur lena rannpháirtíocht féin ar ball.”

Faigheann gach scoil a ghlacann páirt deontas agus oibríonn le Comhlach Cruthaitheach a úsáideann a thaithí phraiticiúil chun tacú leis an scoil a Plean Scoile Ildánaí uathúil féin a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

Is aistear treoraithe dhá bhliain é seo ina mbíonn rannpháirtíocht na leanaí agus na ndaoine óga sa phleanáil, sa chinnteoireacht agus sa mhachnamh croílárnach. Tugann an clár seo fíordheis do phobail scoile iniúchadh a dhéanamh ar cad a chiallaíonn na healaíona agus an chruthaitheacht dóibh, agus conas is féidir leis an rannpháirtíocht sna healaíona tacú le tosaíochtaí foghlama agus forbartha a gcuid scoileanna.

Cuirfidh rannpháirtíocht ar chumas leanaí agus daoine óga na healaíona agus gníomhaíocht chruthaitheach a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a mheas ar fud a scoileanna/ionad agus spreagfar bealaí nua oibre lena neartófar tionchar na cruthaitheachta ar chumas foghlama, ar fhorbairt agus ar fholláine leanaí agus daoine óga.

Spriocdháta: 17.30, 2 Meitheamh 2022

Tugtar cuireadh do gach scoil agus ionad Ógtheagmhála, atá aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, ar spéis leo páirt a ghlacadh sa chlár i mí Mheán Fómhair 2022 iarratas a chur isteach chuig an gComhairle Ealaíon. Tuilleadh eolais anseo: https://www.artscouncil.ie/Funds/Creative-Schools-Initiative/

Foilsithe

31/5/2022

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Réigiún

Ar fud na tíre