ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Gairm ar Pháipéir, Láithreoireachtaí agus Ceardlanna! Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas 2022


National Arts in Education Portal Day 2018 - Creative Session with Visual Artist Maree Hensey

Tairseach na nEalaíon san Oideachas
Spriocdháta: Dé hAoine, an 27 Lúnasa, 2021

Ealaíontóirí, múinteoirí, lucht acadúil agus gairmithe ealaíon san oideachas... Ar mhaith leat a bheith páirteach sa seachtú hócáid de Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas?

Beidh Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas ar siúl Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Scoil na hEalaíne agus Deartha ar an Satharn, an 5 Samhain, 2022 i gcomhar le Scoil na hEalaíne agus Deartha agus tionscadal Idirnáisiúnta Múinteora-Ealaíontóra (I-TAP-PD) PDErasmus+. Cruinneofar baill de phobal na n-ealaíon san oideachas as gach cearn d’Éirinn le chéile sna himeachtaí seo, le roinnt, foghlaim, labhairt, líonrú, le bheith spreagtha agus le leanúint le dea-chleachtais sa réimse a fhiosrú.

Cuireann Coiste Eagarthóireachta Thairseach na nEalaíon san Oideachas fáilte roimh thograí ó eagraíochtaí nó ó dhaoine aonair ar mian leo láithreoireachtaí nó ceardlanna dinimiciúla agus spreagtha a thabhairt agus beidh deis ann scileanna a roinnt le chéile, mar aon le cineálacha cur chuige praiticiúla, léargais nua agus smaointeoireacht chriticiúil thar an réimse ar fad, ó raon peirspictíochtaí.

I mbliana, beidh béim ar leith ag Lá na Tairsí ar ‘Glóir nach gCloistear go Minic’. Is mian leis an gCoiste tograí a chur ar fáil i mbliana a léiríonn páistí ó phobail éagsúla agus ó pháistí nach gcloistear go minic.

Tá lúcháir freisin ar Choiste Eagarthóireachta na Tairsí a bheith ag obair i gcomhpháirt le Tionscadal Idirnáisiúnta Múinteora-Ealaíontóra (I-TAP-PD) PD Erasmus+,  tionscadal spreagúil tras-Eorpach  a dhíríonn ar mhúinteoirí agus ealaíontóirí a chumasú lena dtuiscint, saineolas agus cruthaitheacht sna ‘healaíona san oideachas’ a fhorbairt i gcomhpháirt le páistí agus daoine óga i suíomhanna oideachais, pobail agus ealaíon. Déanfar torthaí agus foghlaim ón gclár go nuige seo a chomhroinnt ag imeacht iolraitheora Erasmus+ I-TAP-PD ar Lá Náisiúnta na Tairsí.

An bhfuil ceardlann nó cur i láthair agat ba mhaith leat a chur san áireamh i gclár an lae? Má tá, seol do thogra chugainn.

Tá síneadh ar an spriocdháta i gcomhair tograí go dtí 5pm Dé hAoine, an 26 Lúnasa, 2022.

Íoslódáil an fhoirm aighneachta Foirm Thogra Lá Náisiúnta na Tairsí 2022.

 

Foilsithe

19/7/2022

Réigiún

Ar fud na tíre