ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 1 – Vera McGrath, Amharc-Ealaíontóir, Taighdeoir & Iarmhúinteoir Bunscoile


Image: An artist evaluating a problem-solving task with the teacher and students. St Killian’s in Mullagh Cavan. Photographer Vera McEvoy

Íomhá: Ealaíontóir ag déanamh measúnú ar thasc réitigh fadhbanna leis an múinteoir agus leis na scoláirí. Scoil Naomh Cilian sa Mhullach i gContae an Chabháin. Grianghrafadóir Vera McEvoy

Vera McGrath

Is Amharc-Ealaíontóir, saorthaighdeoir & iarmhúinteoir bunscoile í Vera McGrath.  Tá sí ina cónaí i Co. Mhuineacháin, bhí sí rannpháirteach sa Chomhpháirtíocht idir Múinteoirí agus Ealaíontóirí (TAP) ó bunaíodh an chomhpháirtíocht in 2014. Is comhalta í ar phríomhfhoireann na hÉireann I-TAP freisin (an Chomhpháirtíocht náisiúnta idir Múinteoirí agus Ealaíontóirí), tionscnamh TAP arna mhaoiniú ag Erasmus+ agus atá á fhorbairt ag Éirinn agus trí dhlínse eile.  Tá céim MAVA bainte amach aici (Máistreacht in Oideachais Amharc-Ealaíona) ó Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha (NCAD).  Tá sí díreach tar éis clár BLAST a chur i gcrích mar ealaíontóir cónaithe i scoil i mBaile na Lorgan, Co. Mhuineacháin.

Tá go leor léargas faighte aici lena linn mar chomhalta den fhoireann TAP, agus léiríonn sí cuid acu sna blaganna atá le foilsiú, mar aon leis an gcaoi a raibh sé de mhisneach aici a mianta a chur in iúl chun aistriú ó mhúinteoir go healaíontóir laistigh den chreat seo agus an léargas ar an méid a d’fhoghlaim sí ó bheith ag cloí lena féiniúlacht ar fad agus ag leanúint ar aghaidh. Tá Vera thar a bheith buíoch as an tionscnamh TAP as ucht éascaíocht a dhéanamh ar a haistriú.

Tá an tsraith blaganna tiomnaithe do bheirt daoine inspioráideacha i réimse na nEalaíon san Oideachas in Éirinn: Caitríona Ní Chullota as ucht a dea-shampla, as ucht a tacaíochta agus as ucht a aithint go raibh tuairim bhailí ag Vera in TAP agus Gary Granville as ucht tacú go ciúin léi scríobh ar chúrsaí a bhaineann leis na hEalaíona san Oideachas.  Míle Buíochas.

Ceist Féiniúlachta

Meán Fómhair 2006: Ba iad na tosca faoi deara dom éirí as cleachtas ealaíne lánaimseartha agus glacadh le post múinteoireachta postroinnte.  D’eascair ceist as mo dhearcadh athbhríoch ar an athrú seo agus ar na modheolaíochtaí radacacha, ba í sin ‘céard a d’éireodh dom dá mba fhíormhúinteoir mé’?  Chuir na tuismitheoirí ceisteanna níos caolchúisí.  Ghlac feighlí na scoile leis go raibh mé i mo Chúntóir Riachtanais Speisialta.

Agus mé rannpháirteach sna healaíona go lánaimseartha, chuaigh mé isteach sa scoil mar ealaíontóir sannta ag BLAST. Thionlaic an príomhoide timpeall na scoile mé.  Nuair a fuarthas amach go rabhamar sa dorchla, thosaigh ráfla ag imeacht ó sheomra go seomra; ‘Tá cigire sa scoil!’

Is fianaise starógach iad na hinsintí seo ar aincheist féiniúlachta phroifisiúnta a bhfuil mé ag déileáil léi le blianta fada.  Ealaíontóir nó oideoir?  Nuair a thosaigh mé ag maireachtáil sa zón clapsholais proifisiúnta seo, tháinig athrú ar an dearcadh a bhí agam ar lipéid amhail ‘múinteoir’ agus ‘ealaíontóir’; agus is cosúil gurb é seo suim an dá eintiteas seo nó níos mó ná suim an dá eintiteas seo.

Tá tábhacht ag baint le féiniúlacht phroifisiúnta ach bíonn se ag brath ar an gcomhthéacs.  Nuair atá an dearcadh teoranta d’aon sainmhíniú amháin, cuirtear i steiréitíopa déthoiseach muid, agus tugtar neamhaird ar shaibhreas na ról, na n-eispéireas carnach, na scileanna agus an eolais ar fad atá againn, rud atá ag teacht chun cinn i gcónaí.  Thug mé aghaidh ar an aincheist seo agus mé ag glacadh páirt sa chlár Comhpháirtíocht idir Múinteoirí agus Ealaíontóirí in 2014. Fuair mé ainmniúchán do Ghréasán na nIonad Oideachais, rud a d’fhág go raibh dualgas orm ról a ghlacadh mar mhúinteoir ach bhí mé ag tnúth le clár na n-ealaíontóirí a shíniú. Agus mé ag cur mé féin in aithne don ghrúpa, chuir mé m’fhéiniúlacht ealaíontóra in iúl, rud nach ndearna aon mhúinteoir eile.  Tar éis an méid sin uile, mhair an múinteoir ionam sa chaoi agus go mbeadh an t-ealaíontóir ionam in ann maireachtáil, an múinteoir ag tacú leis an ealaíontóir, an t-ealaíontóir ag cothabháil an mhúinteora.

Cheap mé gur dána an rud é mo dhá fhéiniúlacht a chur in iúl, ach murach gur chuir, ní shiúlfainn isteach in aon scoil mar ealaíontóir riamh.  D'fhoghlaim mé an t-uafás le linn an eispéiris seo, rud suntasach a d’fhoghlaim mé is ea go bhfuil go leor múinteoirí laistigh agus lasmuigh de TAP atá ar aon intinn liom.  Is céimithe iad cuid de na múinteoirí atá traenáilte ag TAP ó choláistí ealaíne/ealaíon.  Is cleachtóirí ealaíne oilte iad cuid eile acu. Thairis sin, is iarmhúinteoirí iad roinnt ealaíontóirí TAP agus tá inniúlachtaí múinteoireachta iomasacha ag cuid eile, agus baineann siad an-sásamh as bheith rannpháirteach le páistí. Déanfar iniúchadh a thuilleadh ar choincheapa maidir leis an ‘múinteoir’ agus leis an ‘ealaíontóir i mblag Lúnasa, agus ar na spreagthaí treoracha agus cruthaitheacha atá againn ar fad.  Idir an dá linn, maidir leis na daoine atá ag léamh, tá siad ar an eolas faoi mhacallaí an ‘druma eile’ i gcuasa a gcroíthe, agus bíonn siad faoi shuaimhneas.  Is féidir le duine ar bith a bheith ina mhúinteoir agus ina ealaíontóir!



Foilsithe

25/7/2022