ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Deis do Chleachtóirí Cruthaitheacha: Language Explorers le Mother Tongues


Mother Tongues Language Explorers CPD

Mother Tongues

Deis oibre agus oiliúna d’éascaitheoir Language Explorers.

An bhfuil taithí agat ar eispéiris chruthaitheacha a fhorbairt/a sholáthar do pháistí? An ealaíontóir thú? An bhfuil tú i líofa i dteanga eile seachas Béarla? An bhfuil tú paiseanta faoi dhifríocht a dhéanamh?

Faoi láthair tá ‘Mother Tongues‘ ag cur oiliúint ar dhaoine chun iontráil ar phainéal d’éascaitheoirí íoctha chun ceardlanna a chur ar fáil ar fud na tíre mar chuid dá gclár suaitheanta ‘Language Explorers’.

Samhlaítear in Mother Tongues sochaí ina glactar le cultúir agus teangacha éagsúla. Tá sé mar aidhm acu eispéiris chruthaitheacha ilteangacha a choimeád inar féidir le healaíontóirí agus pobail teacht le chéile ó chultúir agus teangacha éagsúla. Is príomhchlár Mother Tongues le haghaidh páistí idir 3 agus 6 mbliana é Language Explorers. Cuireann Language Explorers eispéireas páistelárnach, idirghníomhach, agus spreagúil ar fáil do gach páiste – aonteangach, dátheangach, agus ilteangach.

Cé ba cheart clárú?

Tá an oiliúint seo forbartha chun an líon céanna páirteanna a fháil idir páirteanna praiticiúla agus páirteanna inspioráideacha agus dearadh an oiliúint nua seo d’ealaíontóirí nó daoine cruthaitheacha a bhfuil a gcroí istigh san obair a dhéantar le páistí agus a bhfuil taithí acu eispéiris chruthaitheacha a fhorbairt agus/nó a chur ar fáil do pháistí.

Oiliúint

Beidh gnéithe den oiliúint ar líne agus ar an láthair i gceist san oiliúint seo. Beidh sé ar siúl ar feadh breis is 8 seachtaine agus meastar go mbeidh 40 uair an chloig ar an iomlán i gceist. Is gné thábhachtach den oiliúint seo an fhoghlaim fhéintreoraithe.

Féach mothertongues.ie/2022/07/08/language-explorers-facilitator-training-and-work-opportunity do na sonraí ar fad agus chun clárú.

Is fostóir comhdheiseanna é Mother Tongues.
Spreagann muid iarratais ó dhaoine aonair ó réimse cúlraí agus leibhéal taithí.

 

 

Foilsithe

25/7/2022

Réigiún

Ar fud na tíre