ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas 2022 - Aoichainteoirí


portrait of Dame Evelyn Glennie pictured amongst hanging exposed lightbulbs

I mbliana, is ócáid duine le duine arís a bheidh i Lá Náisiúnta Thairseach na nEalaíon san Oideachas, 2022, agus é ar siúl in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Scoil na hEalaíne agus Deartha Dé Sathairn, an 5 Samhain, 2022 i gcomhar le Scoil na hEalaíne agus Deartha agus Tionscadal Comhpháirtíochta Idirnáisiúnta Múinteora-Ealaíontóra (I-TAP-PD) PD Erasmus+

Tá ríméad ar Fhoireann na Tairsí fáilte a chur roimh na haoichainteoirí, an Bhantiarna Evelyn Glennie, cnagcheoltóir aonair agus cumadóir, le haghaidh comhrá speisialta le Mark O’Brien, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Amharclann na Mainistreach.

An Bhantiarna Evelyn Glennie

Tá an Bhantriarna Evelyn Glennie ar an gcéad duine riamh sa stair le slí bheatha lánaimseartha a chruthú agus a chothú di féin mar chnagcheoltóir aonair agus í ag taibhiú fud fad na cruinne le scoth na gceolfhoirne agus na gceoltóirí. Tá níos mó ná 200 saothar úr coimisiúnaithe ag Evelyn le haghaidh cnagcheol aonréid agus breis agus 40 dlúthdhiosca taifeadta aici. Déanann sí máistir-ranganna agus comhairliúcháin a chur ar fáil go rialta chun an chéad ghlúin eile de cheoltóirí a spreagadh.

Bronnadh OBE ar Evelyn in 1993 agus tá níos mó ná 100 gradam idirnáisiúnta gnóthaithe aici go dtí seo, lena n-áirítear 2 GRAMMY, Duais Ceoil Polar agus Companion of Honour. Ceapadh í ina hUachtarán ar Help Musicians, an chéad bhean riamh sa ról sin, agus, ó bhí 2021 ann, tá sí ina Seansailéir ar Ollscoil Robert Gordon in Obar Dheathain na hAlban.

Is í Evelyn an coimeádaí ar an mBailiúchán Evelyn Glennie ina bhfuil breis agus 3,500 uirlis chnagcheoil. Is sár-léirithe iad an scannán ‘Touch the Sound’, TED Talk agus a leabhar ‘Listen World!’ ar an gcur chuige uathúil nuálach atá aici i leith an chruthaithe fuaimeanna. Lena misean, Teach the World to Listen, tá sé d’aidhm aici an chumarsáid agus an comhtháthú sóisialta a fheabhsú trí gach duine a spreagadh le bealaí úra éisteachta a aimsiú i dtreo spreagtha, cruthaithe, rannpháirtíochta agus cumhachtú.

Breathnaigh ar TED Talk na Bantiarna Evelyn Glennie, How to truly listen, thíos

Mark O’Brien

Tá os cionn 25 bliain taithí ag Marc O'Brien, Feidhmeannach Stiúrthóir Amharclann na Mainistreach, in earnálacha téatair agus cultúir níos leithne, mar cheannaire, éascaitheoir, aisteoir, dearthóir fuaime, riarthóir, agus mar stiúrthóir téatair. Ba é freisin, a threoraigh, a stiúir, agus a d’fhorbair obair in earnáil na hamharclainne óige, agus le Team Educational Theatre Company.

Bhí Mark ina Stiúrthóir ar ionad ealaíne axis i mBaile Munna. Thar thréimhse deich mbliana, d’fhorbair sé axis nó go raibh sé ina eagraíocht agus spás a raibh cáil áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta air, a chruthaigh, a d’éascaigh agus a rinne saothar nua agus suntasach, ar fud comhthéacsanna téatair, forbartha ealaíne agus rannpháirtíochta. Agus é ina stiúrthóir, d’éirigh axis ina mhol ealaíne agus cultúrtha d’ealaíontóirí agus don phobal. Ba í an sprioc chun fís roinnte feabhais a bhaint amach trí ionchuimsitheacht a bhí mar spreagadh aige.

Fógrófar sceideal iomlán an lae náisiúnta Dé Céadaoin, an 5ú Deireadh Fómhair, tráth a osclófar na háirithintí ticéad ar líne. Beidh fócas speisialta in imeacht na bliana seo ar ‘Guthanna is annamh a Chluintear’ agus feicfear an gnáthmheascán de chuir i láthair, de chuir i láthair níos lú phlé-bhunaithe agus de cheardlanna cruthaitheacha lena rachfar i ngleic leis an téama seo.

Cruinneofar baill de phobal na n-ealaíon san oideachas as gach cearn d’Éirinn le chéile sna himeachtaí seo, le bheith ag roinnt, ag foghlaim, ag labhairt, ag líonrú, ag fáil inspioráide, agus ag leanúint ag fiosrú dea-chleachtais sa réimse.

Má tá aon cheist, déan teagmháil le events@artsineducation.ie.

Foilsithe

23/9/2022

Réigiún

Ar fud na tíre