ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 4 – Vera McGrath, Amharc-Ealaíontóir, Taighdeoir & Iarmhúinteoir Bunscoile


A group of primary school children smiling and posing outside Highlanes arts centre

Creidiúint na hÍomhá: “Guthanna na bPáistí”, grianghraf le caoinchead ó Claire Halpin

Vera McGrath

Is Amharc-Ealaíontóir, saorthaighdeoir & iarmhúinteoir bunscoile í Vera McGrath.  Tá sí ina cónaí i Co. Mhuineacháin, bhí sí rannpháirteach sa Chomhpháirtíocht idir Múinteoirí agus Ealaíontóirí (TAP) ó bunaíodh an chomhpháirtíocht in 2014. Is comhalta í ar phríomhfhoireann na hÉireann I-TAP freisin (an Chomhpháirtíocht náisiúnta idir Múinteoirí agus Ealaíontóirí), tionscnamh TAP arna mhaoiniú ag Erasmus+ agus atá á fhorbairt ag Éirinn agus trí dhlínse eile.  Tá céim MAVA bainte amach aici (Máistreacht in Oideachais Amharc-Ealaíona) ó Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha (NCAD).  Tá sí díreach tar éis clár BLAST a chur i gcrích mar ealaíontóir cónaithe i scoil i mBaile na Lorgan, Co. Mhuineacháin.

Tá go leor léargas faighte aici lena linn mar chomhalta den fhoireann TAP, agus léiríonn sí cuid acu sna blaganna atá le foilsiú, mar aon leis an gcaoi a raibh sé de mhisneach aici a mianta a chur in iúl chun aistriú ó mhúinteoir go healaíontóir laistigh den chreat seo agus an léargas ar an méid a d’fhoghlaim sí ó bheith ag cloí lena féiniúlacht ar fad agus ag leanúint ar aghaidh. Tá Vera thar a bheith buíoch as an tionscnamh TAP as ucht éascaíocht a dhéanamh ar a haistriú.

Tá an tsraith blaganna tiomnaithe do bheirt daoine inspioráideacha i réimse na nEalaíon san Oideachas in Éirinn: Caitríona Ní Chullota as ucht a dea-shampla, as ucht a tacaíochta agus as ucht a aithint go raibh tuairim bhailí ag Vera in TAP agus Gary Granville as ucht tacú go ciúin léi scríobh ar chúrsaí a bhaineann leis na hEalaíona san Oideachas.  Míle Buíochas.

Guthanna agus Roghanna

Is faoi chomhpháirtíocht í traenáil TAP go bunúsach ach bhí guth agus riachtanais an pháiste lárnach dá chónaitheachtaí i gcónaí. Bhí an chéad chónaitheacht TAP a raibh mé rannpháirteach ann leis an ealaíontóir Claire Halpin in 2014 bunaithe ar an mbuntuiscint seo. Tá sé taifeadta ar an Tairseach seo, agus is ann atá cur síos ar an gcaoi ar shocraigh na páistí a bhfócas, a bpróiseas agus a dtáirge féin trí cheistiúchán straitéiseach, trí chuairteanna fíora agus fíorúla ar mhúsaeim agus trí iniúchadh a dhéanamh ar ábhair. Ó tharla gur cleachtóirí le fada an lá muid mé féin agus Claire bhí a fhios againn cén chaoi chun eispéiris a oiriúnú agus chun tacú leis an bhfoghlaim ionas nach mbeadh na páistí trína chéile de bharr mhéid na roghanna.

Nuair a chuirtear go leor roghanna ar fáil do pháistí, is minic a bhíonn siad trína chéile. ‘Níl a fhios agam céard atá le déanamh!’ a chloistear go minic agus teastaíonn freagra cuí uaidh seo. In amanna, is é an freagra a theastaíonn ná clár neamhiata ina gcuirtear roinnt mhaith ama ar leataobh le haghaidh díospóireachta, turgnaimh agus machnaimh, agus iad sin ar fad dírithe ar na healaíona agus forbraítear réimsí curaclaim eile trí mhainneachtain. Amanna eile, d’fhéadfadh clár cónaitheachta a bheith ceangailte le ceisteanna i réimsí curaclaim eile; agus bíonn an cheist mar a bheadh túsphointe ann le haghaidh iniúchadh ar an ábhar roghnaithe á stiúradh ag na healaíona. Cé go bhfuil an dá chur chuige bailí, déanann an dara ceann na healaíona a chomhtháthú go hiomlán sa churaclam, úsáideann sé cuir chuige bunaithe ar na healaíona sa seomra ranga laethúil, agus cuireann sé foghlaim iomlánaíoch agus ionchuimsitheach chun cinn. Ach, faraor, chonaic mé cuid de na comhaltaí den phobal Ealaíon san Oideachas an ag cáineadh an chuir chuige seo ó tharla nach ndearna na páistí an cinneadh, mar shampla, chun iniúchadh a dhéanamh ar úrscéal a ranga trí dhamhsa nó chun machnamh a dhéanamh ar chruachás líon na mbeach trí amharc-ealaín agus trí fhilíocht.

Is é sainmharc de gach cleachtas ealaíne fíréanta ar fad, ná go mbíonn níos mó ná freagra bailí amháin ann i gcónaí. Ar aon dul leis sin, d’fhéadfadh go mbeadh go leor cineálacha freagairtí ann do ‘ghuth an pháiste’. Tá guthanna éagsúla ag páistí éagsúla. D’fhéadfadh nach mbeadh a fhios ag roinnt páistí cén chaoi chun a riachtanais ná a mianta a chur in iúl agus d’fhéadfadh nach mbeadh deireadh go deo le roinnt guthanna eile. D’fhoghlaim mé ó na heispéiris ar fad a bhí agam in oideachas agus sna healaíona go bhfuil réimse cur chuige ag teastáil. Feileann roinnt acu le comhthéacsanna ar leith agus teastaíonn malairtí ó chinn eile. Dá mhéad cuir chuige a bhfuilimid oscailte dóibh is amhlaidh is cuí agus is caolchúisí a bheidh ár bhfreagairtí do ghuthanna páistí.

Is fiú machnamh a dhéanamh ar ghuthanna agus ar riachtanais na bpáistí nuair atá cónaitheacht á pleanáil. Tá a fhios ag éascaitheoirí oilte faoi seo. Ní hamháin go n-éisteann siad leis na focail, ach tugann siad faoi deara na hamanna ciúine, comharthaíocht coirp, déanann siad measúnú ar riachtanais, cuireann siad deiseanna ar fáil agus tacaíonn siad leis an bhfoghlaim go cuí; bíodh sé i gcónaitheachtaí neamhiata atá dírithe ar na healaíona ina gcoinnítear súil ar riachtanais na bpáistí nó trí chónaitheachtaí a leabaíonn cleachtais ealaíne sa churaclam chun éascaíocht a dhéanamh ar an bhfoghlaim agus chun modhanna léirithe a leathnú do na páistí rannpháirteacha ar fad.

I gcás an pháiste a bheadh ag streachailt leis an litearthacht, is mór an mhaith a dhéanfar don pháiste sin, más rud é go bhfuil sé in ann tuiscint a fháil ar an mbrí agus an fhoghlaim a chorprú trí chóiréagrafaíocht a dhéanamh ar an bplota in úrscéal an ranga. Tá mise den tuairim, dá rachfaí ag tóraíocht ghuth an pháiste chéanna, go mbeadh faoiseamh agus buíochas le brath ina ghuth, as ucht modh foghlama nua agus as ucht guth i ndamhsa a fháil agus bheadh buíochas ann as ucht na deise chun cleachtadh a dhéanamh ar litearthacht trí fhoirm ealaíne eile, eispéireas nach ndéanfadh an rang machnamh riamh air, seans, dá bhfágfaí fúthu féin é.



Foilsithe

25/10/2022