ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


I-TAP-PD: Podchraoladh Tapping into Creativity


I-TAP-PD: Podchraoladh Tapping into Creativity

 

An Chomhpháirtíocht Idirnáisiúnta Múinteoir-Ealaíontóir (I-TAP-PD)

Tugann an tsraith podchraoltaí ‘Tapping into Creativity’ Chomhpháirtíocht Idirnáisiúnta Múinteoir-Ealaíontóir (I-TAP-PD) scéalta le chéile faoin draíocht a tharlaíonn nuair a thagann cruthaitheacht, ealaín agus oideachas le chéile. Scéalta faoi fhoghlaim chruthaitheach ó thionscadail Eorpacha éagsúla i scoileanna agus lasmuigh den scoil. Scéalta faoin méid a tharlaíonn nuair a oibríonn ealaíontóirí le daoine óga. Cuireann Linda Rosink agus Manja Eland ó Stichting Kopa an clár i láthair agus labhraíonn siad le teagascóirí, ealaíontóirí, eolaithe, lucht déanta beartas agus páistí faoi thábhacht an oideachais chruthaithigh. Éist leis an gclár má tá inspioráid á lorg agat do do chleachtas féin.

Seoladh Sraith 2 ar an 5 Samhain agus bhí an t-aoichainteoir Tania Banotti, Stiúrthóir Éire Ildánach, ar an gclár. Déanfar ocht n-eipeasóid agus beidh an eipeasóid dheireanach ar an aer ar an 20 Nollaig. Dírítear sa chlár seo ar mhúinteoirí agus ealaíontóirí a chumasú lena dtuiscint, saineolas agus cruthaitheacht sna ‘healaíona san oideachas’ a fhorbairt i gcomhpháirt le páistí agus daoine óga i suíomhanna oideachais, pobail agus ealaíon.

I measc na n-aoichainteoirí an séasúr seo tá:
Tania Banotti – 5 Samhain
Georgina Kakoudaki – 8 Samhain
Sanja Krsmanović Tasić – 11 Samhain
Jolanda Schouten⁠ – 22 Samhain
Klaas Dijkstra⁠ – 29 Samhain
Jane O’Hanlon – 6 Nollaig
Miranda Siemelink – 13 Nollaig
Paul Collard – 20 Nollaig

Is féidir leat éisteacht agus clárú don tsraith iomlán trí Captivate: https://tappingintocreativity.captivate.fm/ nó tríd an ardán do phodchraoltaí is fearr leat féin, lena n-áirítear Apple Podcasts, Spotify agus Amazon Music.

Maoinítear an Chomhpháirtíocht Idirnáisiúnta Múinteoir-Ealaíontóir (I-TAP-PD) faoi Thionscnamh Erasmus+ KA2 2020 – 2023 agus is comhpháirtíocht idir an tIonad Oideachas, Trá Lí (Éire), an Centre for drama in education and art (CEDEUM) (an tSeirbia), Hellenic Theatre/Drama & Education Network (TENet-GR) (an Ghréig) agus Stichting Kopa (an Ísiltír)


Foilsithe

24/11/2022

Foirmeacha Ealaíne

Foirm il-ealaíne