ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


CPD nó Forbairt ghairmiúil leanúnach do Mhúinteoirí: Cruthaitheacht agus Scríbhneoireacht Chruthaitheach san Oideachas Fighting Words


A minimal graphic with yellow open door outline set against a red background

Creidiúint na híomhá: Fighting Words

Fighting Words

Sheol Fighting Words, i gcomhpháirtíocht le hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Cruthaitheacht agus Scríbhneoireacht Chruthaitheach san Oideachas, cúrsa ar líne chun na modheolaíochtaí, fianaise agus acmhainní a fhorbairt i measc oideoirí chun do thuiscint ar an tábhacht agus na buntáistí a bhaineann leis an gcruthaitheacht a fhorbairt agus le do mhuinín a neartú agus spéis a spreagadh i rannpháirtíocht chruthaitheach agus scríbhneoireacht chruthaitheach.

Sé sheisiún 40-nóiméad atá i gceist le cur i láthair an chúrsa seo agus díríonn sé ar shamhail scríbhneoireachta cruthaitheachta Fighting Words mar chur chuige, ag féachaint ar an bhforbairt a tharlaíonn mar thoradh air ar scileanna cumarsáide, smaointeoireachta criticiúla, féinéifeachtúlacht agus teacht aniar daoine óga.

Déantar an cúrsa ar líne seo a óstáil ar The Loop, timpeallacht foghlama ar líne DCU agus is féidir teacht ar na sonraí ar fad maidir le rochtain a fháil ar an gcúrsa saor in aisce seo agus clárú dó anseo:
https://www.fightingwords.ie/news/creativity-and-creative-writing-education-exciting-new-online-module-fighting-words-dcu.

Cuireadh tús leis an gcomhoibriú idir Fighting Words agus Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath le linn laethanta tosaigh Fighting Words agus tá fás agus leathnú tagtha air thar na blianta. Sa bhliain 2018, rinneadh páirtíocht fhoirmiúil idir Fighting Words agus an Institiúid Oideachais arna mhaoiniú ag an Roinn Oideachais.  Is é aidhm an chomhoibrithe dul chun cinn na scríbhneoireachta cruthaitheachta agus na rannpháirtíochta cruthaithí san oideachas a spreagadh trí oideachas agus taighde múinteoirí.

Foilsithe

29/11/2022

Foirmeacha Ealaíne

Litríocht

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile