ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Gairm ar chuir i láthair: Lá Thairseach Réigiúnach an Earraigh 2023


Panel Speakers

Íomhá: Cainteoirí ar an bPainéal

Spriocdháta: 3 Feabhra, 2023, ar 5i.n.

A Ealaíontóirí, a mhúinteoirí a acadóirí agus a ghairmí oideachais ealaíne, ar mhaith libh a bheith páirteach i Lá Thairseach Réigiúnach an Earraigh? Tá Foireann Thairseach na nEalaíon san Oideachas ag lorg iarratas do chuir i láthair agus do cheardlanna le haghaidh Lá Thairseach Réigiúnach an Earraigh 2023 agus béim ar leith ar Réigiún an Iardheiscirt. Beidh an t-imeacht réigiúnach á reáchtáil i gCathair Chorcaí ag deireadh mhí Aibreáin/tús mhí na Bealtaine, 2023.

Is é an aidhm atá leis an imeacht seo ná nasc a dhéanamh idir múinteoirí, ealaíontóirí, bainisteoirí ealaíne agus aon duine ar suim leo na healaíona san oideachas, atá lonnaithe i gCorcaigh, i gCiarraí, i Luimneach, i dTiobraid Árann agus i bPort Láirge. Is féidir le cleachtóirí tuilleadh a fhoghlaim faoin Tairseach, insint dúinn faoina gcuid oibre, ceangal a dhéanamh leis an bpobal ar bhonn réigiúnach, cleachtas a roinnt agus foghlaim faoi na deiseanna nó imeachtaí atá ar fáil ina gceantair áitiúla.

Táimid ag cur fáilte roimh thograí ó eagraíochtaí nó ó dhaoine aonair a bhfuil baint acu leis na healaíona nó le tograí cruthaitheachta san Iardheisceart, ar mian leo cuir i láthair nó ceardlanna spreagtha a thabhairt ina mbeidh deis ann scileanna a roinnt le chéile, mar aon le cuir chuige phraiticiúla, léargais nua agus smaointeoireacht chriticiúil a chur ar fáil thar an réimse ar fad, ó réimse peirspictíochtaí.

Mar chuid d’imeacht 2023 beidh taispeántas, i gcomhpháirtíocht le Sample Studios ag a ngailearaí i bPuball an Ard-Mhéara, Páirc Mhic Gearailt. Deis a bheidh sa taispeántas d'ealaíontóirí ó thograí rathúla a gcuid saothar féin a thaispeáint. Beidh an taispeántas ar siúl ón 27 Aibreán go dtí an 27 Bealtaine.

An bhfuil cur i láthair agat ba mhaith leat a chur san áireamh i gclár Lá Thairseach Réigiúnach an Earraigh? Má tá, seol ríomhphost chuig editor@artseducation.ie.

Tuilleadh Eolais

Áirítear leis an gclár dhá chur i láthair tionscadail le suas le beirt láithreoirí.

Spriocdháta: 5i.n., 3 Feabhra 2023