ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí: Straitéis um Ealaíona san Oideachas 2022-2026


Minister Foley at Cork ETB’s Arts in Education Strategy 2022-2026

Creidiúint na híomhá: Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí

Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí

Sheol Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí a Straitéis um Ealaíona san Oideachas 2022-2026 le déanaí. Tá cuntas sa straitéis ar a thábhachtaí atá na healaíona agus tá leagtha amach inti creatlach le haghaidh an oideachais ealaíon agus chun na healaíona a chur chun cinn agus chun tacú lena gcur i bhfeidhm ar fud BOO Chorcaí.

D'fhreastail an tAire Oideachais, Norma Foley ar Phlás Nano de Nógla i gCathair Chorcaí ar an Aoine 2 Nollaig, áit ar sheol sí Straitéis um Ealaíona san Oideachas 2022-2026 de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí.

Leagtar amach tábhacht na n-ealaíon sa Straitéis um Ealaíona san Oideachas agus soláthraítear creat le haghaidh oideachas ealaíon agus cur chun cinn na n-ealaíon agus tacú lena gcur i bhfeidhm ar fud áiseanna bunscoile, iar-bhunscoile agus breisoideachais agus oiliúna uile Bhord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí.

Áirítear sa phlean feidhmithe na cúig phríomhphointe seo a leanas agus a gcuspóirí faoi seach:

  1. Feasacht: spás a fhorbairt agus a chruthú do na hEalaíona ar gach cineál
  2. Cuimsitheacht: Oideachas Ealaíon a chur chun cinn agus a úsáid mar uirlis luachmhar chun cuimsiú sóisialta, rannpháirteachas leis an bpobal agus folláine a chur chun cinn agus foghlaim ar feadh an tsaoil a chothú
  3. Comhpháirtíocht: caidrimh atá ann cheana a fhorbairt agus forbairt comhpháirtíochtaí agus comhfhiontair nua a chothú
  4. Luach: cruthaitheacht a chothú agus a chur chun cinn trí scoileanna agus ionaid a spreagadh chun paireacht a thabhairt d'ábhair chruthaitheacha
  5. Cáilíocht: tacaíochtaí agus acmhainní cuí a sholáthar chun soláthar a dhéanamh do theagasc agus foghlaim ar ardchaighdeán sna hEalaíona

Ag labhairt di ag an seoladh, mhol an tAire Foley Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí as a gcuid iarrachtaí le comhtháthú níos fearr a chumasú agus cur chun cinn na n-ealaíon ina n-eintitis oideachais.

Dúirt sí an méid seo a leanas: “Ba mhór an chúis áthais dom cuireadh a fháil chun Straitéis um Ealaíona san Oideachas 2022 - 2026 de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí a sheoladh.   Creidim go láidir gur féidir le rochtain chuimsitheach ar na healaíona ár scoláirí agus ár bhfoghlaimeoirí óga go léir a chothú, spreagadh a thabhairt dóibh agus cabhrú leo a bheith i mbun nuálaíochta. Aithnítear go soiléir i Straitéis um Ealaíona san Oideachas inniu tiomantas Bhord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí do na healaíona agus cuireann sí creat ar fáil don bhealach chun tosaigh do na páirtithe leasmhara go léir. Ba mhór an pléisiúr an straitéis chinniúnach seo a sheoladh go hoifigiúil i láthair taibheoirí bríomhara agus ceoltóirí cumasacha.”

Is féidir cóip de Straitéis um Ealaíona san Oideachas 2022-2026 de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí a fheiceáil ar líne anseo: https://www.corketb.ie/cork-etb-arts-provision/

Foilsithe

16/12/2022

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Réigiún

Corcaigh