ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Clár Scoileanna de chuid Institiúid Scannán na hÉireann 2022/23


A Still from the film The Path|Irish Film Institute School Programme 2022/23

Íomhá: Stadán ón scannán

Clár Scoileanna de chuid Institiúid Scannán na hÉireann 2022/23

Tá lúcháir ar Institiúid Scannán na hÉireann clár úrnua scannán a chur ar fáil do scoláirí ar fud na leibhéal bunscoile agus iar-bhunscoile, atá ar fáil sa phictiúrlann in Institiúid Scannán na hÉireann i mBaile Átha Cliath nó san ionad réigiúnach agus ar líne trí IFI@Schools. I mbliana, tá comhoibriú spreagúil le Compántas Náisiúnta Ceoldrámaíochta Éireann, IMMA, Údarás Craolacháin na hÉireann/BAI agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta/COGG.

Cuireann IFI@Schools leis an gclár scannánaíochta, ag tairiscint bealaí eile chun scannán a fhí isteach i do theagasc, lena n-áirítear a bheith ag féachaint siar ar phríomhradhairc nó ábhar a roghnú as réimse níos leithne d'ábhair eile amhail stair, tíreolaíocht, ceol, ealaín, Gaeilge, Béarla agus eile.

Tá Mes Fréres et moi (Mo Dheartháireacha agus Mise) agus King, i gcomhpháirtíocht le Ambassadorade De France en Irelande, i measc na léirithe scannáin Fraincise. Tá Der Pfad (An Chonair) agus Klammer, i gcomhpháirt le GEOTHE Institut, i measc na léirithe scannáin Gearmáinise.

Is féidir sonraí maidir le liosta iomlán an chláir agus na léirithe réigiúnacha a fháil anseo.

Chun ticéid a chur in áirithe tabhair cuairt ar Institiúid Scannán na hÉireann (ifi.ie) nó déan teagmháil le Amy Louise nó Holly ag schools@irishfilm.ie

Foilsithe

16/12/2022

Foirmeacha Ealaíne

Scannán

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Réigiún

Ar fud na tíre

Tags

film, Irish film institute, school programme