ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Deis d’ealaíontóirí: Coimisiún um Ealaíona Gaeilge do na Luathbhlianta 2023


|Early Years Creative Arts Programme

Íomhá: Comhairle Contae Átha Cliath Theas|

Oifig Ealaíon Chontae Átha Cliath Theas

Spriocdháta: 5i.n., 20 Eanáir 2023

Táthar ag glacadh le hiarratais anois do Choimisiún um Ealaíona Gaeilge do na Luathbhlianta 2023.

Comhshaothar idir Éire Ildánach Átha Cliath Theas, Oifig Ealaíon Átha Cliath Theas, Áras Chrónáin, agus Naíonra Chrónáin

Is mian le clár Éire Ildánach Bhaile Átha Cliath Theas saothar ealaíne Gaeilge do na Luathbhlianta a choimisiúnú. Cuirfear an coimisiún i gcrích i gcomhpháirt le páistí as Naíonra Chrónáin, atá suite ar thailte Áras Chrónáin i gCluain Dolcáin.

Is iad ionchais an choimisiúin:

Beidh leanaí sna luathbhlianta (0 - 6 bliana) rannpháirteach i bpróiseas cruthaithe na hoibre agus beidh a nguth chun tosaigh

Comhoibriú dlúth leis na múinteoirí i Naíonra Chrónáin chun saothar ealaíne a chruthú a d'fhéadfadh a bheith ina mhúnla d'áiseanna Luathbhlianta eile, ach atá indéanta fós do spás an Naíonra.

Déanfar fad an choimisiúin a phlé leis an gcruthaitheoir/na cruthaitheoirí a n-éiríonn leo ach is dócha go mairfidh sé bliain amháin.

Cuspóirí

Próiseas a fhorbairt chun oibriú le leanaí óga i gcruthú tionscadail

Múnla a chruthú d'oideachasóirí agus do chleachtóirí eile chun oibriú in Ealaíona do na Luathbhlianta agus i nGaeilge

Píosa oibre a chruthú atá faoi threoir an rannpháirtí

Méid na Dámhachtana

Is é an coimisiún ná €30,000, CBL san áireamh

Tréimhse Ama

An dáta deiridh ar a nglacfar le hiarratais ná 5i.n., an 20 Eanáir 2023

Beidh an measúnú ar siúl ón tseachtain dar tús an 23 Eanáir 2023.

Déanfar fógra faoi Ghradam sa chéad seachtain de mhí Feabhra

Iarratais

Chun faisnéis níos mionsonraithe a fháil faoin bpróiseas iarratais agus chun iarratas a chur isteach, tabhair cuairt ar: https://www.sdcc.ie/en/services/sport-and-recreation/arts/creative-ireland/