ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Podchraoltaí ó Fhéile Bhaboró 2022


Podcasts from Baboró 2022 Festival

Creidiúint na hÍomhá: Podchraoltaí Bhaboró ó Fhéile Bhaboró 2022

Féile Ealaíon Idirnáisiúnta Bhaboró do Leanaí

Thaifead Baboró trí chaint le linn fhéile 2022 ina bpléitear oideachas ealaíon sna luathbhlianta, inbhuanaitheacht na hearnála agus forbairt ealaíontóirí, atá curtha ar fáil acu anois le haghaidh sruthaithe.

Tá podchraoladh Bhaboró ar fáil le héisteacht leis ar Spotify nó Apple.

Doirse á nOscailt

Sa phlé seo, d'fhiosraigh cruinniú comhchéime de dhéantóirí, oideachasóirí agus smaointeoirí samhlacha cleachtais chun cabhrú le healaíontóirí saothar a chruthú do lucht féachana an-óg i suíomhanna oideachais agus naíolanna luathbhlianta.

Bhí Gaëtane Reginster (Théâtre de la Guimbarde, an Bheilg), Marc Mac Lochlainn (Branar, Éire) agus an Dochtúir Rita Melia (Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, Éire) ar an bpainéal. Marianne Kennedy (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh) a bhí ina cathaoirleach.

I dTreo na hInbhuanaitheachta

I gcomhpháirtíocht le Tionscadal Meithle Bhranar, rinneadh iniúchadh sa phlé painéil seo ar shamhlacha cleachtais a thacaíonn le forbairt inbhuanaithe na gconairí gairme d'ealaíontóirí neamhspleácha a dhéanann saothar do lucht féachana óg.

Bhí Tony Reekie (Catherine Wheels, Albain), Kate Cross (The Egg, Sasana), Dan Colley agus Matt Smyth (Cruthaitheoirí ‘The Man with Enormous Wings' agus Collapsing Horse roimhe seo, Éire), Emer McGowan (Draíocht, Éire) ar an bpainéal. Bhí Linda Geraghty (Branar/Meitheal, Éire) ina cathaoirleach.

Tionscnamh tacaíochta cruthaithí píolótach is ea Meitheal atá tiomanta d'fhorbairt agus do chur i láthair na dtaibhealaíon do lucht féachana óg ar fud na hÉireann. Arna chur le chéile ag Branar, arna mhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon.

Léirsmaoineamh ar LEAP

Phléigh rannpháirtithe agus páirtithe leasmhara de chlár tacaíochta ealaíontóra de chuid Baboró, LEAP, forbairt agus cur i gcrích an tionscadail phíolótaigh.

Bhí Rachel Baltz (Baboró, Éire), Alexandra Craciun (Rannpháirtí LEAP, an Rómáin agus Éire), Fernanda Ferrari (Rannpháirtí LEAP, an Bhrasaíl agus Éire), Justyna Cwojdzińska (Rannpháirtí LEAP, an Pholainn agus Éire), Ionia Ní Chróinín (Moonfish, Éire) Jo Cummins (Moonfish, Éire) agus Maeve Stone (Cracking Light Productions, Éire) ar an bpainéal. Bhí an Dochtúir Charlotte McIvor (Léann na Drámaíochta agus na hAmharclannaíochta, Ollscoil na Gaillimhe, Éire) ina cathaoirleach.

Léigh tuilleadh faoi Chlár Podchraolta Bhaboró anseo: https://www.baboro.ie/news-events/podcasts-from-babor%C3%B3s-2022-delegate-programme.

Foilsithe

16/12/2022