ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Leabhair Pháistí Éireann: Maidin Chaife d’Ealaíontóirí


Creidiúint na híomhá: Leabhair Pháistí Éireann

Leabhair Pháistí Éireann

Dé Máirt, 24 Eanáir, 10am.

Cuirfidh Leabhair Pháistí Éireann a gcéad mhaidin chaife in 2023 ar siúl d’ealaíontóirí Dé Máirt, an 24 Eanáir. Tá sé seo mar chuid de shraith athfhillteach teacht le chéile atá neamhfhoirmiúil ach faisnéiseach ar Zoom inar féidir le healaíontóirí a chruthaíonn saothar do pháistí agus do dhaoine óga teacht le chéile, foghlaim ó shaineolaithe faoi rud éigin a bhaineann lena gcuid oibre agus casadh le daoine eile ina réimse cruthaitheach.

Beidh Amye Quigley, Leabharlannaí Feidhmiúcháin le Leabharlann agus Seirbhís Ealaíon Chill Dara ag labhairt. Beidh an seisiún praiticiúil agus faisnéiseach, agus tabharfaidh Amye léargas ginearálta ar shnáitheanna clársceidealaithe laistigh de Leabharlann agus Seirbhísí Ealaíon Chill Dara, déanfaidh sí cur síos ar na tréithe a mbíonn sí sa tóir orthu in éascaitheoir nó in ealaíontóir agus leagfaidh sí a gcur chuige amach maidir le maoiniúchán, sonraisc agus cuntais.

Más mian leat a bheith i láthair, seol ríomhphost chuig aoife@childrensbooksireland.ie faoi 5 p.m. Dé Luain, an 23 Eanáir.

Tuilleadh eolais ar fáil ag: https://childrensbooksireland.ie/news-events/childrens-books-ireland-artists-coffee-morning-16.

Foilsithe

6/1/2023

Leibhéal

Na luathbhlianta

Réigiún

Cill Dara