ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Maoiniú breise i gcomhair Minding Creative Minds á dheimhniú ag an Aire Martin mar chuid den chlár ‘Safe to Create’


Dr Emelina Ellis, Dave Reid and Minister Catherine Martin at the Safe To Create programme announcement

Dr Emelina Ellis, Dave Reid agus an tAire Catherine Martin i láthair nuair a fógraíodh an clár Safe To Create. Creidiúint: Mark Stedman

Deimhníonn an tAire Martin maoiniú dar luach €300,000

D’fhógair Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán inniu, an maoiniú dar luach €300,000 le haghaidh Minding Creative Minds mar chuid den chlár darb ainm Safe to Create.  Fágann sé sin gurb é €782,000 an leithdháileadh iomlán le haghaidh an chláir Safe to Create. Is é Minding Creative Minds an chéad chlár tugtha tacaíochta meabhairshláinte agus folláine atá ar fáil 24/7 in Éirinn (sna 32 contae agus do gach Éireannach ar an gcoigríoch) do phobal Cruthaitheach na hÉireann, agus cuirtear an clár seo ar fáil i gcomhar le Spectrum Life.

 

Nuair a seoladh an Clár Safe to Create i mí Dheireadh Fómhair anuraidh, d’fhógair Minding Creative Minds go gcuirfí feabhas ar a sheirbhís ionas go gcuimseofaí léi cúram sainchomhairliúcháin maidir le tráma agus mí-úsáid.  Cuireann an tseirbhís seo tacaíocht ríthábhachtach ar fáil do gach duine a raibh tráma acu nó a chuaigh trí mhí-úsáid ghnéis agus cinntíonn sí go mbeidh fáil acu ar thacaíocht ar an bpointe boise agus go mbeidh suas le 12 sheisiún comhairliúcháin acu saor in aisce ó chomhairleoir tráma láithreach.

 

Cuireann Minding Creative Minds réimse seirbhísí inmheánacha eile ar fáil d’Earnáil Chruthaitheach na hÉireann lena gcuimsítear seirbhís Gairme agus Meantóireachta ina gcuirtear san áireamh na foirmeacha cruthaitheacha ealaíne ar fad chomh maith le cruinniú tacaíochta do phiaraí in aghaidh na míosa ina gcuirtear tacaíocht, comhairle agus acmhainní ar fáil do Phobal Cruthaitheach na hÉireann.

 

San áireamh leis an gclár Minding Creative Minds, faightear rochtain ar roinnt seirbhísí breise chun cúnamh a thabhairt do na húsáideoirí an ceann is fearr a fháil ar dheacrachtaí praiticiúla éagsúla a d’fhéadfadh teacht faoina mbráid:

 

  • Comhairle faoi dheacrachtaí praiticiúla, laethúla a dhéanann imní do dhaoine agus a chuireann strus orthu.
  • Cúnamh Dlí 
  • Cúnamh Airgeadais agus Cúnamh don Tomhaltóir 
  • Gairmthreoir agus Cóitseáil Saoil 
  • Tacaíocht do náisiúnaigh neamh-Éireannacha agus dá muintireacha 
  • Seirbhísí Idirghabhála

 

Le linn don Aire Martin a bheith ag fógairt an mhaoinithe dúirt sí:

 

“Tá an Clár Safe to Create a sheol mise i mí Dheireadh Fómhair anuraidh, tá sé bunaithe ar thorthaí soiléire de The Speak Up:  A Call for Change Report.  San áireamh leis an tuarascáil Speak Up, bhí torthaí tábhachtacha, a léirigh go raibh taithí ag formhór na ndaoine a ghlac páirt ann (70%) ar mhí-iompar agus a léirigh go raibh mí-iompar feicthe ag 53% acu.  Tá Minding Creative Minds ag obair go dlúth le hInstitiúid Amharclannaíochta Éireann, atá mar bhunchuid den Chlár Safe to Create atá ina chabhair agus é mar eiseamláir chun gnásanna dochracha a chur ina gceart in earnáil na n-ealaíon ar mhaithe leis na hoibrithe ealaíne ar fad.”

 

Is féidir breis sonraí ar an gclár Minding Creative Minds a fháil ag www.mindingcreativeminds.ie.



Foilsithe

10/1/2023