ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Gailearaí Náisiúnta na hÉireann: Oíche Líonraithe do Mhúinteoirí


NAtional Gallery at Merrion Square

Creidiúint na híomhá: © Abe Neihum Photography

Gailearaí Náisiúnta na hÉireann

Déardaoin, 9 Feabhra 2023, 6 p.m.

Faigh tuilleadh eolais faoin gclár, Múinteoirí agus Scoileanna, de chuid an Ghailearaí Náisiúntaagus déan teagmháil le comhghleacaithe agus gloine fíona á hól agat.

Is siad Jennie Taylor, coimeádaí na Duaise Zurich Young Portrait, agus ealaíontóir Grainne Moloney Minehan, a stiúrfaidh turas an taispeántais chomh maith le plé faoi thacaíocht a thabhairt do na scoláirí atá ag cur isteach ar an duais.

Is é Explore My Primary School ár dtionscadal speisialta sa Mhúsaem le scoláirí rang a ceathair ó Scoil Náisiúnta John Scottus, is í an scoil is nuaí sa chónaitheacht í.

Tá an t-imeacht seo saor in aisce ach moltar duit áit a chur in áirithe: https://nationalgallery.ticketsolve.com/ticketbooth/shows/873631124

Grúpa Facebook Líonra Múinteoirí Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann

Is suíomh gníomhach é an grúpa seo ar líne, áit ina dtarlaíonn comhoibriú, piarfhoghlaim agus malartú smaointe. Buail le múinteoirí ó gach cearn d’Éirinn agus níos faide i gcéin agus déan do sciar féin chun clár scoileanna an Ghailearaí Náisiúnta a mhúnlú, déan teagmháil leo anseo: https://www.facebook.com/groups/NationalGalleryIRLTeacherNetwork/.

 

Clár Scoileanna

Cuireann an Gailearaí Náisiúnta eispéiris ar an suíomh agus ar líne ar fáil do scoileanna lena n-áirítear turais threoraithe agus seisiúin ar líne. Tá cead ag na scoileanna cuairt ar an nGailearaí a shocrú mar ghrúpa féintreoraithe freisin. Tá na sonraí ar fad faoina gclár reatha le fáil ar an nasc seo:
https://www.nationalgallery.ie/explore-and-learn/schools/schools-programme

Foilsithe

12/1/2023

Foirmeacha Ealaíne

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Réigiún

Cathair Bhaile Átha Cliath