ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Blag 1: Mark Ball, Amharclannóir agus Stiúrthóir Ealaíne Super Paua


Mother Tongues' Language Explorers Programme

Creidiúint na híomhá: An Clár, Taiscéalaithe Teanga, de chuid Mother Tongues

Mark Ball
Creidiúint na híomhá: Seat Cinn de Mark Ball le Ste Murray

Amharclannóir is ea Mark Ball. Tá sé ina Stiúrthóir Ealaíne ar Super Paua,
comhlacht a chruthaíonn amharclannaíocht agus ealaín don aos óg. Is minic a
bhíonn teangacha agus disciplíní éagsúla le sonrú i saothar Mark, is saothar a
nglacann an lucht féachana páirt ann agus is saothar a mheallann an lucht
féachana. Déantar an méid seo a leanas i gcleachtas Mark: iarrtar ar na
rannpháirtithe an méid atá ar eolas acu, agus an chaoi ar tháinig siad ar an eolas
sin, a cheistiú; cuireann sé iontas agus lúcháir orthu trína ngreann, trína
gcruthaitheacht agus trína bhfiosracht nádúrtha féin agus trí ghreann, trí
chruthaitheacht agus trí fhiosracht nádúrtha a bpiaraí; agus tugann sé spás dóibh le
leas a bhaint as sin chun a gcuid foghlama agus smaointe cruthaitheacha a stiúradh
ar mhaithe le nascadh ar bhealach úr.

Chuir Mark cúrsa ArtsTrain (Leibhéal 7) in Éascú Drámaíochta agus Ealaíona na
nÓg i gcrích in 2017. Tá éascaíocht déanta ag Mark ar cheardlanna — ina raibh os
cionn míle duine óg ar fud na tíre páirteach — le Riverbank Arts Centre (Ionad
Ealaíon Bhruach na hAbhann), Mermaid Arts Centre (Ionad Ealaíon na Maighdine
Mara), Hawk’s Well Theatre (Amharclann Thobar an tSeabhaic), Ionad Ealaíon Ros
Comáin, axis: Baile Munna, Ionad Ealaíon Draíocht, Amharclann na Mainistreach,
Ionad Cultúrtha na bPáistí, The Ark (An Áirc) agus Mother Tongues.

Cén chaoi a bhfuil “guth an pháiste” agus eispéiris daoine óga ar na healaíona fite fuaite ina chéile?

Ba chóir go mbeadh guthanna an aosa óig i gcroílár ár gcuid saothair. Macasamhail an phróisis chruthaithigh, áfach, braitheann an cleachtadh ar an duine agus ar an gcomhthéacs. Bíonn na comhráite i dtaobh gutha dírithe ar ghníomhú agus ábharthacht — conas is féidir le daoine óga an rogha a bheith acu dul i bhfeidhm ar an ealaín atá uathu, í a chruthú agus í a bhlaiseadh? Is cuspóir breá é sin, ach d’fhéadfadh sé na blianta a thógáil chun é a dhéanamh i gceart.

Ní mór teagmháil dhearfach a dhéanamh leis na healaíona agus leo siúd a bhfuil cumhacht acu, ar bhonn rialta, d’fhonn cinntí cumasaithe eolasacha a dhéanamh. Is ionann am agus muinín. Bíonn airgead agus tacaíocht de dhíth ar am, áfach. Is minic a bhíonn an méid sin gann. Cén dóigh a gcuirimid eispéireas ardchaighdeáin ar fáil nuair nach bhfuil dóthain ama againn? Trí amharc ar gach teagmháil mar dheis chun comhrá a spreagadh; trí amharc ar gach eispéireas mar dheis chun níos mó a fhoghlaim faoin ealaín agus mar dheis do dhaoine foghlaim fúthu féin. Trí thairiscint mhisniúil a thabhairt — eispéireas ealaíne domhain ar leith. Níos lú, níos moille, níos fearr.

Cén tslí a dtiocfadh leat cinneadh a dhéanamh bailé comhaimseartha a chruthú ina bpléitear dí-dhíothú, nó gig punc/scéalaíochta a fheiceáil faoi Medusa, mura raibh a fhios agat go bhféadfaí iad a chur i láthair? Trí scrúduithe foirmiúla agus téamacha srianta a thairiscint, chomh maith le dianphróiseas machnaimh, féadaimid daoine óga a spreagadh le dul i mbun an smaointe agus an déanta dála na n-ealaíontóirí; rud a bheidh ina bhunús le roghanna gan teorainn. Is forbairt agus is iniúchadh gutha í aon sároiliúint ealaíontóra.

Déantar iniúchadh níos mine ar ghuth ach easaontas agus aighneas fiosrach a
ghríosú. Ag athrú ón rud a thaitin linn, go dtí an rud ar mhaith linn níos mó de a
fheiceáil. Nuair a bhímid i gceannas bíonn cumhacht againn; mar sin de, is é an
chaoi a láimhseálaimid agus a bhfreagraímid d’easaontas a chinneann macántacht
agus doimhneacht an mhachnaimh a bheidh againn amach anseo.

Déanfar ceangal le guth an aosa óig — cé acu an seisiún aiseolais 30 nóiméad le
haghaidh píosa atá á fhorbairt nó comhthionscadal cúig bliana é sin — má dhéantar
gach iarracht ardchaighdeán a bhaint amach in aidhmeanna ealaíne, daoine óga a
chur i mbun cleachtas machnamhach, agus coimhlint a iniúchadh. Le linn na sraithe
blaganna seo, déanfaidh mé machnamh ar an tionchar a bhíonn ag guthanna an
aosa óig ar mo chuid saothar.

Foilsithe

23/1/2023