ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


FÍS: Acmhainní an Mhúinteora


FIS Film Project National Finals

Creidiúint íomhá: Tionscadal Scannáin FÍS

Thionscadal Scannánaíochta FÍS

Tacaíonn Acmhainní an Mhúinteora de chuid Thionscadal Scannánaíochta FÍS le múinteoirí Scannánaíocht bheo-aicsin agus scannánaíocht bheochana íomhá ar íomhá a thabhairt isteach sa seomra ranga bunscoile trí cheachtanna idirghníomhacha, dearcthaí múinteoirí agus treoracha teicniúla.

Is pleananna ceachta atá deartha don duine aonair iad Acmhainní an Mhúinteora Fís ar líne is féidir a úsáid leo féin nó mar chuid de chúrsa iomlán. Leagann an cúrsa amach na scileanna agus na gníomhartha ar fad a bhaineann le scannán a dhearadh, agus cuirtear béim ar na páistí a bheith ina gcruthaitheoirí/a bheith gníomhach, agus feidhmíonn an múinteoir mar éascaitheoir don fhoghlaim.

Tugann FÍS cúnamh le foghlaim ghníomhach, smaointeoireacht chruthaitheach, foghlaim chomhoibríoch agus scileanna réiteach fadhbanna a fhorbairt, mar aon le cur chuige teagmhálach chun teicneolaíocht a úsáid mar chuid den phróiseas scannánaíochta. Cuireann an tionscadal seo bealaí ar fáil do pháistí chun iad féin a chur in iúl, agus a gcuid buanna a léiriú ar bhealach oideachasúil, nach bhfuil acadúil, rud atá in ann feabhas mór a chur ar fhéinmhuinín na bpáistí agus ar a ndearcadh i leith na foghlama.

Is tionscnamh de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna, i gcomhpháirtíocht idir Oifig FÍS na hInstitiúide Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta agus an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (Teicneolaíocht san Oideachas), é Tionscadal Scannán FÍS. Cuireadh tús leis an tionscadal le linn na scoilbhliana 1999/2000. Tacaíonn modheolaíocht FÍS leis na múinteoirí scannánaíocht a thabhairt isteach i seomra ranga na bunscoile ar bhealach traschuraclaim. Rinneadh an tionscadal a phríomhshruthú tar éis é a reáchtáil ar bhonn píolótach ar feadh trí bliana agus seoladh Comórtas Ghradaim Scannán FÍS freisin, éacht de chuid Thionscadal Scannán FÍS.

Dá mba mhaith leat rochtain a fhail ar Acmhainní Múinteoirí FÍS, téigh chuig: https://fisfilmproject.ie/teacher-resources/

Tá sonraí le fáil faoi Chomórtas Ghradaim Scannán FÍS a bhíonn ar siúl gach bliain chomh maith le físeáin de na hiomaitheoirí sa bhabhta ceannais a bhí ar ghearrliosta.



Foilsithe

31/1/2023

Foirmeacha Ealaíne

Scannán

Na hAmharcealaíona

Leibhéal

Bhunscoile

Réigiún

Ar fud na tíre