ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


An Chomhairle Ealaíon: Seachtain na Scoileanna Ildánacha


Drumcondra Parish School - 2019 Creative School

Creidiúint Íomhá: An Chomhairle Ealaíon, Scoil Pharóiste Dhroim Conrach - Scoil Ildánach 2019

Comhairle Ealaíon na hÉireann

Seachtain na Scoileanna Ildánacha 2023

Tá lúcháir ar Fhoireann Scoileanna Ildánacha na Chomhairle Ealaíon cuireadh a thabhairt do do scoil páirt a ghlacadh i Seachtain na Scoileanna Ildánacha 2023 a bheidh ar siúl ón 8 - 12 Bealtaine.​ Ceiliúradh na cruthaitheachta i scoileanna laistigh d'ábhair churaclaim nó i dtionscadail agus gníomhaíochtaí ar leith is ea Seachtain na Scoileanna Ildánacha.

Is é téama Sheachtain na Scoileanna Ildánacha 2023 ‘Creativity Lives Here! / Tá Beocht na Cruthaitheachta Anseo!’. Spreagann an téama pobail scoile chun sos a thógáil agus machnamh a dhéanamh ar an áit ina bhfuil cruthaitheacht le feiceáil inár saolta, i ngach rang, i ngach scoil agus i dtaithí gach scoláire.

Tá Seachtain na Scoileanna Ildánacha oscailte do gach scoil agus tugtar cuireadh mór do gach scoil páirt a ghlacadh ann. Téigh go https://www.artscouncil.ie/ga/scoileanna-ildanacha/seachtain-na-scoileanna-ildanacha-2023/ ​chun tuilleadh eolais a fháil.

Nuashonraithe 2 Márta 2003

Beidh seisiún eolais Buail Isteach do Mhúinteoirí ar an 8 Márta 4:30pm.-5:30pm trí Zoom. Más múinteoir thú ar spéis leat páirt a ghlacadh i Seachtain na Scoileanna Ildánacha 2023, bí linn agus cláraigh don seisiún anseo: https://buytickets.at/creativeschools/858237.



Foilsithe

9/2/2023

Leibhéal

Bhun & Iar-bhunscoile

Réigiún

Ar fud na tíre