Dáta Fógartha do Lá Réigiúnach an Earraigh 2023 de chuid Thairseach na nEalaíon san Oideachas
Dáta: 6 Bealtaine 2023
Tá ríméad ar an bhFoireann Tairseach iarraidh ar mhúinteoirí, ealaíontóirí agus aon duine ar spéis leo cúrsaí a bhaineann leis na healaíona agus le cruthaitheacht san oideachas an dáta seo a shábháil agus a bheith linn do Lá Réigiúnach an Earraigh, 2023. Beidh imeacht na bliana seo ar siúl Dé Sathairn, 6 Bealtaine i gColáiste Ealaíne & Deartha Crawford, Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan i gcomhpháirtíocht le Roinn na nEalaíon sa Sláinte & san Oideachas, agus ealaíon i dtionscadail oideachais agus cleachtas cruthaitheach san Iar-Dheisceart á chur i láthair.
Iarraimid ar an lucht féachana teacht linn i mbun sraith imeachtaí, ina bhféadfaidh cleachtóirí tuilleadh a fhoghlaim faoin Tairseach, insint dúinn faoina gcuid oibre, ceangal a dhéanamh leis an bpobal ar bhonn réigiúnach, cleachtas a roinnt agus foghlaim faoi na deiseanna nó imeachtaí atá ar fáil ina gceantair áitiúla. Fáiltímid roimh mhúinteoirí, ealaíontóirí, bainisteoirí ealaíne agus aon duine ar suim leo na healaíona san oideachas a bheith linn don imeacht saor in aisce seo.
Déanfaimid taifead de na príomhchainteanna agus cuir i láthair, a bheidh ar fáil dóibh siúd nach féidir a bheith linn i bpearsa ar an lá agus beifear in ann féachaint orthu tar éis an imeachta.
Coinnigh súil amach don sceideal iomlán agus do na sonraí maidir le háirithint a dhéanamh, a bheidh ar fáil sna seachtainí amach romhainn. Beidh sé riachtanach é a chur in áirithe roimh ré.