ENGLISH

NUACHTLITIR



Aimsigh faisnéis faoi nuashonruithe beartais, imeachtaí reatha, tionscadail, cistiú agus deiseanna forbartha gairmiúla leanúnaí, go háitiúil agus go náisiúnta araon.


Dáta Fógartha do Lá Réigiúnach an Earraigh 2023 de chuid Thairseach na nEalaíon san Oideachas


Participants at the 2018 Arts in Education Portal Autumn Regional Day in the DLR LexIcon, Dun Laoghaire-Rathdown

Creidiúint na híomhá: Lá Réigiúnach an Fhómhair de chuid Thairseach na nEalaíon san Oideachas, 2018, DLR LexIcon, Dún Laoghaire-Ráth an Dúin

Dáta: 6 Bealtaine 2023

Tá ríméad ar an bhFoireann Tairseach iarraidh ar mhúinteoirí, ealaíontóirí agus aon duine ar spéis leo cúrsaí a bhaineann leis na healaíona agus le cruthaitheacht san oideachas an dáta seo a shábháil agus a bheith linn do Lá Réigiúnach an Earraigh, 2023. Beidh imeacht na bliana seo ar siúl Dé Sathairn, 6 Bealtaine i gColáiste Ealaíne & Deartha Crawford, Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan i gcomhpháirtíocht le Roinn na nEalaíon sa Sláinte & san Oideachas, agus ealaíon i dtionscadail oideachais agus cleachtas cruthaitheach san Iar-Dheisceart á chur i láthair.

Iarraimid ar an lucht féachana teacht linn i mbun sraith imeachtaí, ina bhféadfaidh cleachtóirí tuilleadh a fhoghlaim faoin Tairseach, insint dúinn faoina gcuid oibre, ceangal a dhéanamh leis an bpobal ar bhonn réigiúnach, cleachtas a roinnt agus foghlaim faoi na deiseanna nó imeachtaí atá ar fáil ina gceantair áitiúla. Fáiltímid roimh mhúinteoirí, ealaíontóirí, bainisteoirí ealaíne agus aon duine ar suim leo na healaíona san oideachas a bheith linn don imeacht saor in aisce seo.

Déanfaimid taifead de na príomhchainteanna agus cuir i láthair, a bheidh ar fáil dóibh siúd nach féidir a bheith linn i bpearsa ar an lá agus beifear in ann féachaint orthu tar éis an imeachta.

Coinnigh súil amach don sceideal iomlán agus do na sonraí maidir le háirithint a dhéanamh, a bheidh ar fáil sna seachtainí amach romhainn. Beidh sé riachtanach é a chur in áirithe roimh ré.



Foilsithe

27/2/2023

Leibhéal

Na Luathbhlianta, Bunscoil agus Iar-bhunscoil

Réigiún

Corcaigh